An difríocht idir athruithe ar: "Diospróisiam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is é an '''diospróisiam''' [[dúil cheimiceach]] uimhir a 66, agus is é '''Dy''' an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na [[Tearcithir|tearcithreacha]] é, ós [[Lantanóidigh|lantanóideach]] é. Miotal é a bhfuil loinnir gheal ann, ach ní féidir teacht air ach i gcomhdhúile sa dúlra. Ta sé bog insínte, agus is féidir é a ghearradh le scian agus a oibriú gan drithlí a dhéanamh.
 
Tá diospróisiam ar fáil i mianraí éagsúla, [[xéinitím]] mar shampla, ach is í an [[Monaisít|mhonaisít]] an fhoinse is tábhachtaí.
 
Tá an diospróisiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-[[iseatóp]], mar atá: diospróisiam a 156 (0.06 % de dhiospróisiam an dúlra), diospróisiam a 158 (0.10 %), diospróisiam a 160 (2.34 %), diospróisiam a 161 (18.91 %), diospróisiam a 162 (25.51 %), diospróisiam a 163 (24.90 %), agus diospróisiam a 164 (28.18 %). Iseatóip chobhsaí iad seo, ach amháin an chéad cheann acu, nó tagann alfa-mheath air. Tá leathré chomh fada aige, áfach, is gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht.
 
Ba é Paul Émile Lecoq de Boisbaudran ba luaithe a d'aithin gur dúil ar leith a bhí sa diospróisiam, thiar sa bhliain 1886, ach níor haonraíodh an chéad eiseamal den mhiotal seo ach sna 1950idí, nuair a tháinig na modhanna oibre nua-aimseartha ianmhalartaithe ar an bhfód.