An difríocht idir athruithe ar: "Tíreolaíocht"
Content deleted Content added
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: kbd:Хэкумэтх |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Physical_world.jpg|thumb|300px|right|Cairt fhisiceach an Domhain]]
Go ginearálta, ciallaíonn an '''tíreolaíocht''' nó an gheografaíocht (ón tSean-Ghréigis γεωγραφία - ''geographia'' - "tuairisc a scríobh ar an domhan") an staidéar eolaíoch a dhéantar ar an Domhan agus a chuid tailte, tírdhreach, áitritheoirí agus feiniméan. Ba é an Gréagach [[Éarastaitéanas]] (276-194 B.C.) a chum an focal ''geografaíocht''. Ó thaobh na staire de tá ceithre réimsí taighde i gceist sa gheografaíocht: spásanailís ar fheiniméin nádúrtha agus dhaonna (staidéar ar an dáileadh), staidéar ar cheantair (áiteanna agus réigiúin), staidéir ar ghaolmhaireachtaí saorga, agus taighde ar na domhaneolaíochtaí.
Inniu is eolaíocht shóisialta í an tíreolaíocht, agus í ag scrúdú an spáis shóisialta de réir éagsúlacht fhisiceach agus dhaonna an domhain. Mar sin féin, is araíonacht ilchuimsithe í geografaíocht na linne seo agus tuiscint ar an domhan agus a gcoimpléasc go léir mar bhunús léi. Déanann an gheografaíocht nasc idir na heolaíochtaí daonna agus fisiceacha, agus í roinnte ina dhá leath - geografaíocht dhaonna agus geografaíocht fhisiceach.
Line 82 ⟶ 83:
Sa 15ú haois agus sa 16ú haois is mó go mór a t-eolas a fuarthas ar an domhan de bharr an taiscéaladh mara, agus cuntas cúramach á thabhairt ar ar aimsíodh i gcúrsaí réalteolaíochta agus tíreolaíochta. Is fiú tagairt ar leith a dhéanamh do na turais seo: [[Vasco da Gama]] (an Afraic agus an India), Críostóir Colambas (Meiriceá Lárnach agus Muir Chairib), [[Magellan]] (Meiriceá Theas agus an tAigéan Ciúin), [[Jacques Cartier]] (Ceanada 1534).
Ní nach ionadh, lean an léarscáilíocht uirthi ag dul chun cinn de bharr a raibh
Sna blianta 1591 agus 1592 d’fhoilsigh [[Giovanni Botero]] sa Róimh na ''Relazioni Universali'' i trí imleabhar, rud a cuir tús le staitistic an Stáit: tíreolaíocht nua a d’fhreastail ar lucht riaracháin.
==== Ón 18ú haois go dtí an 20ú haois ====
San 18ú haois rinneadh James Cook agus La Perouse taiscéaladh san Aigéan Ciúin. Bhí disciplín eolaíoch á dhéanamh den tíreolaíocht, ach níor tosaíodh á múineadh sna scoileanna go dtí an 19ú haois, tréimhse mhór na choilíneachais agus an náisiúnachais. Sampla cáiliúil is ea an téacsleabhar Francach a úsáideadh sna bunscoileanna :
Níorbh fhurasta, mar sin féin, an tíreolaíocht a chur i bhfeidhm mar dhisciplín ar leith sa réimse eolaíoch. Rinneadh a lán iarrachtaí difriúla ar an gceangal atá idir an duine agus an dúlra a thaispeáint, agus cuid acu níos éifeachtaí ná a chéile:
|