An difríocht idir athruithe ar: "Arsanaic"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 11:
Is [[dúil cheimiceach]] í an '''arsanaic''', agus is é an [[mais adamhach|meáchán adamhach]] atá aici ná 74.92160 g/mol. Níl ach aon [[iseatóp]] nádúrtha amháin ag an arsanaic, is é sin, arsanaic a 75, agus sin é an t-aon iseatóp amháin atá cobhsaí. Tá cuid mhór iseatóp [[radaighníomhach]] cruthaithe ag na heolaithe, áfach, ó arsanaic a 66 go harsanaic a 93. Is í arsanaic a 73 an ceann is cobhsaí de na hiseatóip radaighníomhacha, nó tá sé 80.3 lá ar [[leathré]]. Is é an [[uimhir adamhach]] atá ag an arsanaic ná '''33''', agus is í an tsiombail cheimiceach ná '''As'''. Ba é Albertus Magnus, an tEaspag Gearmánach a bhí ina cheimiceoir chomh maith, an chéad eolaí a dhoiciméadaigh an arsanaic ina chuid scríbhinní thiar sa bhliain [[1250]].
 
Tá a fhios ag cách, beagnach, gur nimh atá san arsanaic. Dúnmharaíodh a lán daoine mór le rá sa Mheánaois agus i ré an Renaissance le harsanaic, agus chuala an saol iomrá ar na cásanna seo. Sna scéalta bleachtaireachta, is minic a bhíonn na dúnmharfóirí ag tabhairt arsanaice dá gcuid íobartach. Baintear úsáid as comhdhúile arsanaice le feithidí is le luibheanna a mharú, freisin. Maidir leis an dúil, tá sí le fáil ina lán allatróp, cosúil leis an bhfosfar. Is í an arsanaic liath an ceann is tábhachtaí de na hallatróip, agus í cosúil leis an bhfosfar dubh ina struchtúr [[móilín]]each. Tá an arsanaic bhuí cosúil leis an bhfosfar bán, agus tá allatróp eile fós - an arsanaic dhubh - agus struchtúr an fhosfair dheirg aige.
 
Is é an uimhir ocsaídiúcháin is minicí a bhíonn ag an arsanaic ina cuid comhdhúl ná +III, ach is féidir le hocsaídeoirí láidire [[comhdhúil]]e a tháirgeadh ina bhfuil an arsanaic ocsaídithe go +V, go háirithe peantocsaíd na harsanaice, As<sub>2</sub>O<sub>5</sub>. Is í an trí-ocsaíd an ocsaíd is tábhachtaí, áfach - As<sub>2</sub>O<sub>3</sub>. Má thuaslagtar an pheantocsaíd san uisce, cruthófar aigéad arsanach, H<sub>3</sub>AsO<sub>5</sub>. Tá sé cosúil leis an aigéad fosfarach ina struchtúr, ach is aigéad lag é. Ocsaídeoir maith láidir atá ann, áfach, nó is féidir leis an aigéad arsanach an t-ian iaidíde (I<sup>-</sub>) a ocsaídiú go hiaidín (I<sub>2</sub>).