An difríocht idir athruithe ar: "Citseap"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
Is éard is '''citseap''' ann ná tarsann milis searbh a dhéantar as [[tráta]]í, finéagar, [[siúcra]] (nó síoróip arbhair atá an-saibhir i bhfruchtós) agus spíosraí éagsúla ar nós oinniúin, ilspíosra, clóibh, cainéal, gairleog agus soilire. Is minic a chuirtear citseap le [[sceallóga prátaí]], martbhorgairí agus [[Mearbhia|greim gasta]] eile. Is féidir citseap a úsáid mar amhábhar d'anlainn eile. San [[An Astráil|Astráil]] agus sa [[Nua-Shéalainn]] is gnách na pióga feola a ithe le citseap.
 
Is deacair a rá céard is bunús leis an bhfocal sin ''citseap'' nó ''ketchup'', ach dealraíonn sé gur focal [[Sínis]]e é a fuair an Béarla ar iasacht tríd an [[Malaeis]]. Níorbh ionann an citseap ar tháinig na [[Sasana|Sasanaigh]]igh air sna stáit Mhalaecha san ochtú haois déag. Anlann éisc é an "citseap" Síneach, agus anlann soighe é citseap na Malaech.
 
Chuaigh an citseap Malaech chun leitheadúlachta sa [[An Bhreatain Mhór|Bhreatain Mhór]] agus sna coilíneachtaí go géar gasta i rith na [[18ú haois|hochtú haoise déag]], ach níor tháinig an citseap trátaí, mar is aithin dúinn é inniu, ar an bhfód ach i dtús na naoú haoise déag, sna [[SAM|Stáit Aontaithe]]. Sandy Addison a bhí ar an gcéad duine a cheap an t-oideas do chitseap trátaí sa bhliain 1801, agus tháinig an t-oideas sin i gcló ar an leabhar cócaireachta úd ''Sugar House Book''. Ina dhiaidh sin, chuaigh oidis don chitseap trátaí i gcló i leabhair chócaireachta eile i Meiriceá, go háirithe ar an ''Virginia Housewife'' le Mary Randolph, leabhar a raibh an-tionchar aige ar nósanna cócaireachta sna Stáit.
Líne 9:
D'éirigh an citseap trátaí coitianta sna Stáit Aontaithe i rith na naoú haoise déag. Jonas Yerks (nó Yerkes) a bhí ar an gcéad duine a chuir tús le déantús an chitsip ar scála tionsclaíoch náisiúnta, sa bhliain 1837. Tháinig na comhlachtaí eile sna sála ag Yerkes, agus sa bhliain 1876 a chualathas an chéad iomrá ar chitseap [[Heinz]].
 
== Naisc sheachtracha ==
{{Catcómhaoin|Ketchup|Citseap}}
* [http://www.wbgu.org/community/documentary/Ketchup/KingCondiments_index.html Ketchup: King Of Condiments] – scannán faisnéise áitiúil as WBGU-PBS {{en}}