An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Cléirigh"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Eusc (plé | dréachtaí)
m nasc
Líne 1:
[[Íomhá:Annals of the Four Masters Signature.jpg|deas|200px|thumb|Leathanch ó [[Annála na gCeithre Máistrí]], le síniú Uí Chléirigh ag barr an liosta.]]
Staraí agus príomhúdar ''[[Annála na gCeithre Máistrí]]'' ab ea '''Mícheál Ó Cléirigh''' (t.1590 – 1643) Scríobh sé na hAnnála in éineacht le ''Lughaidh Ó Cléirigh'', Fearghas Ó Maolchonaire agus Lughaidh Ó Duibhgeannáin. Duine den teaghlach clúiteach staraithe ó Chill Bhairdne i d[[Tír Chonaill]]. Tadhg an t-ainm a baistíodh air, agus tugadh Tadhg an tSléibhe go coitianta air, nó gur thóg sé an t-ainm Micheál nuair a chuaigh sé sa [[Bráithre Proinsiasacha]] i g[[Coláiste Naomh Antaine]] i [[Lobháin]].
 
Faoi stiúr an ghairdiain, Aodh Buí Mac an Bhaird (1580-1635), cuireadh go [[Éire|hÉirinn]] ag bailiú seanchais ó lámhscríbhinní é, agus le cúnamh óna chomhleacaithe, Cú Choigcríche Ó Cléirigh, Fearfeasa Ó Maolchonaire, Lughaidh Ó Duibhgeannáin, chuir sé i dtoll a chéile ''An Reim Rioghroidhe'' i 1630, ''[[Leabhar Gabhála na hÉireann|An Leabhar Gabhála]]'' i 1631, agus an t-ollsaothar ar a tugadh ''[[Annála na gCeithre Máistrí]]'' (1636). D’oibrigh sé freisin ar an naomhsheanchas agus ar fhoclóir a foilsíodh i 1643. Cailleadh i Lobháin é c.1643