An difríocht idir athruithe ar: "An Pheirsis"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: ceb:Pinulongang Persiyano
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 20:
Inniu, tá an Pheirsis ó dhúchas ag 61 mhilliún duine, agus oiread eile in ann í a labhairt mar theanga choimhthíoch. Cé gurb í an [[Paistis|Phaistis]] an teanga náisiúnta san Afganastáin, is í an Pheirsis is mó a labhraítear ansin mar [[Francbhéarla|fhrancbhéarla]] i gcumarsáid idir na treibheacha éagsúla, agus tá an Pheirsis níos tábhachtaí mar theanga liteartha agus chultúrtha, ós rud é nach bhfuil mórán saothrú ná caighdeánú déanta ar an bPaistis.
 
== Stair na Peirsise ==
 
=== An tSean-Pheirsis ===
 
Téann stair na Peirsise siar a fhad leis an tséú haois roimh bhreith Chríost. Is í an inscríbhinn Peirsise is sine dá bhfuil ann ná an ceann ar thángthas air i mBehistun in aice le Kermanshah in Iarthar na [[An Iaráin|hIaráine]], agus baint aige leis an Rí Darius a hAon, a bhí beo sna blianta 522-486 RC. Bhaintí úsáid as na litreacha dingchruthacha leis an tSean-Pheirsis a scríobh, agus bhí gramadach na [[teanga (cumarsáid)|teanga]] i bhfad ní ba chasta ná inniu. Nó bhí ocht dtuiseal agus trí inscne (baininscne, firinscne agus insce neodrach) sa teanga san am - níl a dhath fágtha de na catagóirí gramadúla seo i bPeirsis an lae inniu.
 
=== An Mheán-Pheirsis ===
 
Níor tosaíodh ag scríobh Meán-Pheirsise ach sa [[3ú haois|tríú haois AD]], cé gur léir go raibh sí á labhairt i bhfad roimhe sin. Dealraíonn sé gur thosaigh an tSean-Pheirsis ag claochlú go Meán-Pheirsis sé chéad bliain roimhe sin. Is í an difríocht is suntasaí eatarthu ná go raibh na tuisil agus na hinscní gramadúla imithe sa Mheán-Pheirsis. D'fhéadfá a rá go raibh an Mheán-Pheirsis sách cosúil leis an Nua-Pheirsis ó thaobh na gramadaí de, ach ní raibh na hIaránaigh iompaithe chun an [[Ioslam|Ioslaim]] go fóill, agus mar sin, ní raibh an stór focal breac le hiasachtaí [[Araibis]]e, mar atá sé inniu. Tá saineolaithe áirithe den tuairim freisin nach raibh an Nua-Pheirsis bunaithe ar na canúintí céanna agus an Mheán-Pheirsis.
 
=== An Nua-Pheirsis ===
 
Sa tseachtú haois AD, d'fhorghabh na hArabaigh an Iaráin, agus tháinig deireadh le saothrú na Meán-Pheirsise mar theanga liteartha. De réir a chéile, áfach, d'fhás an Nua-Pheirsis anuas mar chaighdeán nua. Sa naoú haois AD, bhí sí á saothrú mar theanga ardchultúrtha cheana féin, agus i rith na gcéadta bliain chuaigh sí in úsáid ón [[An Tuirc|Tuirc]] go dtí an [[India]] mar theanga [[litríocht]]a agus [[filíocht]]a. Na [[Sasana|Sasanaigh]]igh féin, agus iad ag forghabháil na hIndia, bhí siad sásta i dtús báire úsáid a bhaint as an bPeirsis mar theanga oifigiúil riaracháin.
 
Inniu féin glactar leis go bhfuil an Pheirsis ar ceann de na teangacha is mó cultúir agus litríochta i sibhialtacht an Ioslaim. Scríbhneoirí tábhachtacha nua-aimseartha iad an [[úrscéal|t-úrscéalaí]] [[Sadeq Hedayat]] (1903-1951), an file mná [[Forough Farokhzad]] (1935-1967), an file [[Sohrab Sepehri]] (1928-1980), mar shampla.