An difríocht idir athruithe ar: "Tullia d'Aragona"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
File de chuid na hAthbheochana Iodálaí ba ea '''Tullia d'Aragona''' (c. 1510–1556).
[[FileÍomhá:Tullia d'Aragona.jpg|thumb|300px|Tullia d'Aragona mar Shalómae. Moretto da Brescia a rinne.]]
 
== A beatha ==
 
Ba í Giulia Campana, striapach chúirte, a máthair, agus deirtí gurbh é an Cairdinéal Luigi d'Aragona, nia Alfonso II Napoli, a hathair. Chaith sí a hóige i bhFlórans agus in Siena agus fuair scolaíocht ar leith. Thug a máthair léi chun na Róimhe í agus dul amach aici ar éirim a hiníne. Chaith sí tréimhse mhaith i bhFerrara freisin.
Líne 8:
Ba mhinic intleachtóirí ar cuairt acu, leithéidi [[Giulio Camillo Delminio]], [[Francesco Maria Molza]], an Cairdinéal [[Ippolito de' Medici]], [[Filippo Strozzi]], [[Benedetto Varchi]] (ar chara léi é agus é ina mháistir scríbhneoireachta aici) agus [[Girolamo Muzio]], a thiomnaigh mórán dánta di.
 
Cailleadh Luigi d'Aragona sa bhliain 1519, agus chaith Tullia seacht mbliana in Siena sular fhill sí ar an Róimh sa bhliain 1526. Chuaigh sí le ceird a máthar in aois a n-ocht mbliana déag agus bhain tairbhe as a cuid éirime. Ba bhreá an chuideachta í agus bhí cuma shimplí shuntasach ar a cuid éadaí.
 
Sa bhliain 1537 bhí sí le fáil i bhFerrara, cathair a raibh clú na n-ealaíon uirthi agus áit ar thit a lán fear i ngrá léi. I measc na bhfear sin bhí scríbhneoirí nótálta ar nós [[Ercole Bentivoglio]], agus deirtear gur shnoígh sé ainm Tullia ar gach crann feadh Abhainn Po.
 
Sa bhliain 1543 phós sí [[Silvestro Guicciardi]] in Siena.
 
Timpeall na bliana 1545 chuir sí fúithi i bhFlórans. Do [[Cosimo I de' Medici]] , Diúc Fhlórans, a thiomnaigh sí ''Dialogo della infinità d'amore'' [Agallamh an Ghrá gan Chríoch] ([[1547]]), an saothar ba mhó iomrá dá cuid. Bhain seo le seánra a bhí go mór san fhaisean ag an am, ach léirigh saothar Tullia dearcadh baineann a thaitin go mór le mná oilte na ré sin.
[[FileÍomhá:Joseph Heintz d. Ä. 001.jpg|thumb|318px|left|<center>Tullia d'Aragona ]]
 
Tiomnaíodh ''Rime'' ([[1547]]), díolaim a raibh rian Petrarca uirthi, don Bhandiúc [[Eleonora di Toledo]], bean chéile [[Cosimo I]] agus pátrún Tullia. Bhí clú ar leith ar shoinéad a chum sí i gcoinne [[Bernardino Ochino]], seanmóirí dian a lochtaigh an ceol, an rince agus na bréagriochtaí.
Líne 23:
D'fhill sí ar an Róimh i Mí Dheireadh Fómhair 1548 agus cailleadh í i Mí Mhárta 1556.
 
== A saothar ==
 
* ''Rime della signora Tullia d'Aragona e di diversi a lei'' ([[1547]]).
Líne 29:
* ''Il Meschino, o il Guerino'' ([[1560]]).
 
== Tagairtí ==
{{Refbegin}}
* Tullia d'Aragona: ''Dialogues on the Infinity of Love:'' Chicago: University of Chicago: 1997: ISBN 0-226-13639-6
* Julia Hairston: [http://www.lib.uchicago.edu/efts/IWW/BIOS/A0004.html D'Aragona, Tullia: c1510-1556]: Alt ar bhunachar sonraí na mbanscríbhneoirí Iodálacha faoi choimirce Leabharlann Ollscoil Chicago.
* Georgina Masson: "Tullia d'Aragona, Intellectual Courtesan" in G.Masson (ed)''Courtesans of the Italian Renaissance'': London: Secker and Warburg: 1975: 91-131: ISBN 0-436-27352-7
* Elizabeth A. Pallitto, "Laura's Laurels: Re-visioning Platonism and Petrarchism in the Philosophy and Poetry of Tullia d'Aragona," PhD Dissertation in Comparative Literature, City University of New York Graduate Center, 2002.
* Elizabeth A. Pallitto (trnsl/ed): "Sweet Fire: Tullia d'Aragona's Poetry of Dialogue and Selected Prose": George Braziller: 2006: ISBN 0-8076-1562-5
* Rinaldina Russell: "Tullia d'Aragona" in R.Russell (ed) ''Italian Women Writers'': London: Greenwood: 1994: 26-34. ISBN 0-313-28347-8
* Sunshine for Women: Tullia d'Aragona: 1510-1556: [http://www.pinn.net/~sunshine/march99/aragona2.html Beathaisnéis ghearr agus sleachta as ''Agallamh an Ghrá gan Chríoch'']
{{Refend}}
 
== Féach freisin ==
* [[Alba de Céspedes y Bertini]]
* [[Cristina Comencini]]
* [[Grazia Deledda ]]
* [[Lara Cardella]]
* [[Laura Cereta]]
Líne 52:
 
{{DEFAULTSORT:Aragona, Tullia}}
 
[[Catagóir:Básanna i 1556]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1510]]