An difríocht idir athruithe ar: "An Laidin"

teanga Ind-Eorpach Iodáilice
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 17:18, 7 Nollaig 2004

Teanga na Rómhánach. Tháinig an teanga chun cinn sa cheantar tíre timpeall ar chathair na Róimhe, agus leathnaigh sí amach de réir mar a ghabh na Rómhánaigh seilbh ar leithinis na hIodáile, agus na tailte go léir timpeall ar an Mheánmhuir. Tosaíodh ar scríobh na teanga timpeall 550 bliain RC, agus ba aistriúcháin ón nGréigis cuid mhaith den litríocht a bhí inti ar feadh tamaill fhada. Tugadh an tréimhse chlasaiceach ar na blianta 100RC-150AD nuair a bhí an Impireacht in ard a réime. Ba san am sin a mhair scríbhneoirí cáiliúla ar nós Cicero, Caesar, Vergil, agus Tacitus, chomh maith leis an file Ovid.

Ghlac na Críostaithe leis an teanga mar theanga liotúirgeach agus cuireadh an Bíobla ar fáil i Laidin. Rinne manaigh ar fud na hEorpa agus thíortha na Meánmhara staidéar ar an teanga ach le meath na himpireachta tháinig athrú uirthi i réigiúin éagsúla agus tháinig na teangacha Rómánsacha ina háit (An Fhraincis, an Iodáilis, An Spáinnis, An Rúmáinis, An Phortaingéilis agus mar sin de).