An difríocht idir athruithe ar: "Jules Verne"

Content deleted Content added
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: mzn:ژول ورن
No edit summary
Líne 17:
Scríbhneoir [[úrscéal]]ta éadroma eachtránaíochta ón [[An Fhrainc|bhFrainc]] a bhí i '''Jules Gabriel Verne''' (a tháinig chun saoil i Naoned ar an [[8 Feabhra]] [[1828]], agus a fuair bás in Amiens ar an [[24 Márta]] [[1905]]) agus é ina cheannródaí don [[ficsean eolaíochta|fhicsean eolaíochta]]. Tá sé ar duine de na scríbhneoirí is mó a aistrítear go teangacha eile, agus chuaigh a chuid eachtraí sciobtha dúisitheacha i bhfeidhm ar an dúrud glún de léitheoirí óga. Is iad na húrscéalta úd ''Voyage au centre de la Terre'' ("An Turas go Lárphointe an Domhain"), ''De la Terre à la Lune'' ("Ón Domhan go dtí an Ghealach"), ''Vingt Mille Lieues sous les Mers'' ("Fiche Míle Léig faoi na Farraigí"), "Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá" (bunsaothar: ''Le Tour du Monde en Quatre-Vingts Jours''; Torna a d'aistrigh go [[Gaeilge]]) agus ''L'Île Mysterieuse'' ("An tOileán Rúndiamhair"), ach go háirithe, a thabhaigh a chlú dó, ach bhí sé bisiúil thar na bearta, agus bhreac sé síos a lán eile freisin.
 
Bhí Verne in ann aireagáin na [[20ú haois|fichiú haoise]] agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a shamhlú roimh ré. Is iomaí tairngreacht dá chuid a tháinig isteach fíor i ndiaidh a bháis. Bhí sé in annábalta cur síos a thabhairt ar fhomhuireán, ar spástaisteal, ar an [[Idirlíon]] agus ar na [[ríomhaire|ríomhairí]] féin i bhfad sular tháinig a leithéidí ar an bhfód. Mar sin, fáidh a bhí ann, ar bhealach, nó sin mar a fheictear dá lán léitheoirí é inniu.
 
{{DEFAULTSORT:Verne, Jules}}