An difríocht idir athruithe ar: "Theobald Wolfe Tone"

Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
loitiméaracht
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Theobald_Wolfe_Tone_-_Project_Gutenberg_13112.png|thumb|250px|Theobald Wolfe Tone]]
 
Duine aithnidiúil ar son neamhspleáchas na h[[Éire]]ann ab ea '''Tíobóid Bhalfe Tón (Theobald Wolfe Tone)''' ([[20 Meitheamh]] [[1763]] - [[19 Samhain]] [[1798]]), ar a dtugtar '''WolfeBhalfe ToneTón''' go minic.
 
== Saol ==
Bunaitheoir [[Cumann na nÉireannach Aontaithe|Chumann na nÉireannach Aontaithe]] ab ea ToneTón. Chaith sé tamall mar mhac léinn i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath]], agus cháiligh mar dhlíodóir. Ina óige theastaigh uaidh cóilíneacht a bhunú san [[An tAigéan Ciúin|Aigéan Ciúin]] ach ní raibh duine ar bith sásta tacú leis. Dhírigh sé ar pholaitíocht na hÉireann ansin agus bhí an-éileamh ar na paimphléidí a scríobh sé faoi chás na tíre lena linn. Bhí an poblachtánachas ag teacht chun cinn ag an am, agus [[Preispitéireachas|Preispitéirigh]] [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]] go háirithe ag teacht faoi thionchar [[Réabhlóid na Fraince]]. Bhí Tone ag agairt ar [[Caitliceachas|Chaitlicigh]], [[Protastúnachas|Protastúnaigh]] agus [[Easaontóir]]í teacht le chéile chun poblacht a bhunú in Éirinn, agus sa bhliain 1791, i gcomhar le [[Thomas Russell]] agus [[Napper Tandy]] agus daoine eile, chuir sé Cumann na nÉireannach Aontaithe ar bun. De réir a chéile tháinig baill na heagraíochta ar an tuairim nach raibh réiteach ar bith ar chás na hÉireann ach poblacht neamhspleách a bhunú le fórsa agus tosaíodh ar chraobhacha den eagraíocht a bhunú ar fud na hÉireann.
 
Ceapadh ToneTón ina rúnaí lánaimseartha ar Choiste na gCaitliceach in earrach na bliana 1792 agus bhí sé i mbun feachtais chun cliarscoil a bhunú in Éirinn ionas go mbeadh sagairt na tíre á n-oiliúint ina dtír féin. De réir mar a chonacthas nach ngéillfeadh Rialtas na [[an Bhreatain|Breataine]] d'éileamh na nÉireannach Aontaithe chuathas i muinín na réabhlóideach sa Fhrainc. Iarradh ar na Francaigh fórsaí a chur go hÉirinn chun an réabhlóid a chur i gcrích. Fuair na húdaráis amach go raibh an chomhcheilg seo ar bun agus gabhadh cuid mhaith de cheannairí na nÉireannach Aontaithe. Tugadh cead do ToneTón an tír a fhágáil agus d'imigh sé lena chlann go Philadelphiadtí an Fíleadáilfe sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] ar feadh tamaill. Ach níor thaitin na Meiriceánaigh leis, ní raibh i WashingtonUasantóin dar leis ach "''high-flying aristocrat''" agus ní raibh na Meiriceánaigh chomh ceanúil ar an daonlathas agus a mhaígh siad, dar leis.
 
Chuaigh ToneTón go [[Páras]] chun an Stiúrthóireacht a spreagadh chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Sheoil cabhlach mór le 14,000 fear as calafort [[Brest]] ach theip go tubaisteach ar an iarracht teacht i dtír i [[Beanntraí|gCuan Bheanntraí]] i 1796. Chaith ToneTón tamall ina oifigeach in arm na Fraince agus rinne sé cúpla iarracht eile ionradh a eagrú i gcomhar leis na Francaigh agus na h[[An Ísiltír|Ollannaigh]].
 
Thosaigh [[Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe]] in Éirinn i 1798 agus ToneTón thar sáile, agus arís rinne sé a dhícheall chun ionradh Francach a eagrú. Cuireadh fórsa beag go Maigh Eo faoi cheannas Humbert ach bhí formhór na tíre ceansaithe ar Arm na Breataine faoin am sin agus níor mhair an feachtas sin i bhfad. Chuaigh ToneTón é féin le cabhlach beag go Loch Súilí ach chloígh cabhlach na Breataine go héasca é agus gabhadh ToneTón. Daoradh chun báis é, ach ghearr sé a scornach le scian póca ar an 12 Samhain 1798, agus fuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin.
 
Bhí an-tionchar ag scríbhinní agus gníomhartha WolfeBhalfe ToneTón ar ghluaiseacht na saoirse agus na poblachta in Éirinn ó lá a bháis.
{{síol}}