An difríocht idir athruithe ar: "An Athbheochan"

Content deleted Content added
Savh (plé | dréachtaí)
m Cealaíodh athruithe 109.76.73.61 (Plé); ar ais chuig leagan le Luckas-bot
Savh (plé | dréachtaí)
m probable mistake, sorry
Líne 1:
{{glanadh}}
Is éard atá i gceist leis '''an Renaissance'''- an tAthbheochan- (ón bh[[Fraincís]] ''Renaissance'', a chiallaíonn "athbhreith" agus a thagann ó ''Rinascimento'' na h[[Iodáilis]]e, ó ''re-'' "arís" agus ''nascere'' "breith") ná gluaiseacht chultúrtha a tharla ón [[14ú haois|14ú céad]] go dtí an [[17ú haois|17ú céad A.D]], ag tosú san Iodáil ag deireadh [[na Meánaoiseanna]] agus ansin ag scaipeadh amach ar fud na h[[An Eoraip|Eorpa]]. Tháinig feabhas ollmhór i gcúrsaí [[ealaín|ealaíona]], [[leigheas|leighis]], [[eolaíocht]]a, [[ceol|ceoil]] agus [[ailtireacht]]a. Tugtar '''an Athbheochan''' air i nGaeilge. Go traidisiúnta, dearctar ar an Renaissance mar dhroichead idir na Meánaoiseanna agus an [[Ré Nua-aoiseach]].
 
== Renaissance Luath Athbheochan ==
Thosaigh an RenaissancetAthbheochan i bh[[Flórans|Firenze]] timpeall na bliana 1300 A.D. Nuair a thit [[Iostanbúl|Cathair Chonstaintín]], d'éalaigh na mílte scoláire [[An Ghréig|Gréigeach]] go Firenze, agus thóg siad na leabhair Ghréagacha agus Rómhánacha leo. Fáth eile gur thosaigh an RenaissancetAthbheochan in Firenze ná go raibh teaghlach an-saibhir ann darbh ainm "Medici", a bhí mar phátrúin ar roinnt daoine mór le rá san am sin.
 
Ba theaghlach an-chumhachtach agus an-tábhachtach iad na [[Medici]] i rith an RenaissanceAthbheochan i bhFirenze. Ba é Giovanni di Bicci de Medici an duine a rinne iad chomh saibhir sin. Ba é [[Cosimo de' Medici|Cosimo il Vecchio de’Medici]] an chéad Medici a bhí mar rialóir ar Firenze. Bhí tóir mhór air agus, nuair a fuair sé bás tugadh an t-ainm ''Pater Patriae'' ("athair na tíre") air. Ba é Piero il Gottoso de’Medici an rialóir ar Firenze ina dhiaidh. Ba rialóir lag é ach bhí a mhac ar dhuine de na daoine ba cháiliúla i rith stair na [[An Iodáil|hIodáile]].
 
[[Íomhá:Lorenzo de' Medici-ritratto.jpg|thumb|Lorenzo de' Medici]]
Líne 14:
Sa chúigiú haois déag bhí na [[pápa]]í i gceannas ar [[an Róimh]]. Ba phrionsaí cumhachtacha iad chomh maith, a raibh suim níos mó acu sa pholaitíocht ná sa reiligiún. Ba phátrúin mhóra na healaíne iad freisin.
 
== An tArd-RenaissanceAthbheochan ==
 
Ba phápa iontach é [[Nicholas V]].{{fíoras}} Bhunaigh sé Leabharlann na Vatacáine, agus nuair a ghabh na Turcaigh [[Cathair Chonstaintín]] in 1453 cheannaigh sé an méid ba mhó de na leabhair ansin agus a bhí ar a chumas. Phleanáil sé “La Basilica di San Pietro in Vaticano” chomh maith. Pápa eile mór le rá ná [[Sixtus IV]]. Chuir sé feabhas mór ar an Róimh, trí na sráideanna a leathnú agus droichid agus eaglaisí a thógáil. Ach bhí a lán drochphápaí ann chomh maith. An ceann ba mheasa dóibh ná Alexander VI. Bhí a lán páistí aige agus thug sé poist dá chlann. Rinne sé cairdinéal dá mhac.
 
Tháinig athbhreith in ábhair eile, mar shampla san eolaíocht agus san [[fealsúnacht|fhealsúnacht]]. Roimh an RenaissancetAthbheochan bhí ar dhaoine leabhair a chóipeáil le lámh, ach timpeall 1450 cheap [[Johann Gutenberg]] an clóphreas miotail inaistrithe. Ba mhodh an-éasca agus an-tapaidh é an clóphreas chun leabhair a chóipeáil. Tríd an modh nua seo a úsáid leath an t-eolas ar pháipéir go tapaidh.
 
D’athraigh an réalteolaíocht go mór i rith an RenaissancetAthbheochan. Ceann de na [[réalteolaí]] ba cháiliúla den tréimhse ná [[Nicholas Copernicus]]. Chreid sé gur chas an domhan ar a ais féin agus go ndeachaigh sé timpeall na [[An Ghrian|gréine]]. Níor inis sé a chuid smaointí le héinne agus níor foilsíodh a leabhar ''De Revolutionibus Orbium Coelestium'' ("I dtaobh Imrothlú na Sféar Neimhe") go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1543.
 
Rugadh [[Galileo Galilei]] i bPisa sa bhliain 1564. B'ollamh le matamaitice é agus in 1593 d’fhionn sé go dtiteann rudaí de thoirteanna difriúla ag an ráta céanna. I 1609 chuala sé faoi aireagán s[[an Ísiltír]], an teileascóp. Rinne sé a cheann féin agus d’fhionn sé ceithre [[Gealacha Galileo|ghealach de chuid Iúpatair]]. Chruthaigh sé sin go raibh an ceart ag Copernicus. I mí Meitheamh 1633 cháin an pápa Urban VII é agus bhí air a rá nach raibh ina smaointí ach praiseach. Fuair sé bás naoi mbliana ina dhiaidh sin. Mar gheall ar a chuid oibre thábhachtaí ar an réalteolaíocht tugadh an ainm “Padre di Scienza Moderna” - athair na heolaíochta nua-aimseartha - air.