An difríocht idir athruithe ar: "Dáibhí de Barra"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 5:
Thit an eachtra sin amach ar 3 Meitheamh 1833. Rinne na húdaráis iarracht ar dheachúna a bhailiú le cabhair ó dhíorma saighdiúirí agus póilíní, ach tháinig slua le chéile agus chuir ina gcoinne le bataí agus clocha. Chosain lucht bailithe na ndeachúna iad féin le gunnaí ach maraíodh saighdiúir de thimpiste, agus bheartaigh an rialtas ar éirí as an ngnó. Ag seo sliocht as cuntas de Barra, agus lorg a chanúna féin air:
 
:''Agus do chuir Seághan an Mhála [an báille] a dhó nó a thrí do phrósiasuíghe a bhfeidhm a cciúmhais an bhaile sal do mhothaig an sluagh Gaodhalach é, óir do bhí osgal talmhan mar a rabhadar na tighthe. Agus gluaisid ansin riompa an tráig soir ag cur a ngnótha chum cínn, gur tharla drong de na Catolice leó, agus adubhradar leó gan teacht ní bhus fuide ós air tí díthe agus díthbhála [do] dhéanamh bhádar, gur éirghidh imreasán eatorrtha dá haithle, ionnas gur bhuail Séamas Ó Síocháin .i. glasgharsún, pléasg do chloich air oifigioch Gallda gur thit fá thalamh gan mheabhair gan raésún ag tonna fola tar bhéaluibh a lot. Agus do ghabhag an garsún leó air sin, agus tháinig an leómhan acfuinneach lánchíocrach .i. Pilib Ó Seathchána ó Chúirt an Bharraig agus dronga eile mar aon leis agus beirid air an ngarsún agus gabhaid dá tharraint ó chéile gur bhaineadar don arm Gallda é, garab ann do bhuail fear ón íarthar buille trom tuirteamhail don bhata chruaig faoínse do bhain as a rámhainn le haig an chatha air pheeléir do bhí ag déanamh iomarca cleas ag íarr[aidh] prósios do chur asteach a ttigh ann, gur theilg naoi ccéimionnaleccéimionna le fána na trágha é, gur fhan ann sínte ag tabhairt a chuid fola''.<ref>Ó Cuív, lch 14.</ref>
 
==Tagairtí==