An difríocht idir athruithe ar: "Aoine an Chéasta"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: jv:Jemuah Adi
No edit summary
Líne 1:
Is í '''Aoine an Chéasta''' [[an Aoine]] roimh [[Domhnach Cásca|Dhomhnach na Cásca]]. De réir fhoirceadal na [[Críostaíocht]]a, b'ar an Aoine seo a céasadh [[Íosa Críost]] go bás ar an gCros. '''Imeachtaí Aoine an Chéasta =='''''''''Bold text''''''
 
== Imeachtaí Aoine an Chéasta ==
[[Íomhá:Albrecht Dürer 019.jpg|200px|deas|thumb|[[Íosa Críost]] ar an gCros - pictiúr le h[[Albrecht Dürer]].]]
De réir mar a deirtear sa [[An Bíobla|Bhíobla]], tháinig na hardsagairt agus na seanóirí le chéile ar maidin le socrú le chéile go gcuirfí Íosa chun báis. Chuir siad an bhreith seo faoi bhráid an ghobharnóra [[Impireacht Rómhánach|Rómhánaigh]], Pointias Pioláid, nach raibh rófhonnmhar chun Íosa a chur chun báis. Faoi bhrú na n-ardsagart agus na seanóirí, áfach, agus iad siúd ag gríosú na gramaisce in aghaidh Íosa, ghéill Pioláid Íosa a chur chun báis. Theastaigh ó na hardsagairt Íosa a mharú mar bhlaisféimeoir, ó bhí sé tar éis a rá gurbh é mac Dé é, ach d'áitigh siad ar Phioláid gur ceannairceoir agus tuathghríosóir ab ea é Críost a bhí ag iarraidh "rí na nGiúdach" a ghairm de féin - is é sin, rí a bhí ag beartú na Rómhánaigh a ruaigeadh as Iarúsailéim agus ríocht neamhspleách na [[Giúdachas|nGiúdach]] a bhunú. Tugadh le fios do Phioláid "nach mbeadh sé ina chara mhaith ag Impire na Róimhe", ach oiread, mura mbeadh sé sásta an bhreith bháis a dhearbhú.