An difríocht idir athruithe ar: "Túiliam"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é an '''túiliam''' dúil uimhir a 69, agus is í an tsiombail a sheasann dó ná '''Tm'''. Ceann de na lantanóidigh é. Tá sé ar an gceann is teirce de na miotail ...'
 
No edit summary
Líne 4:
 
Is é +III an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an túiliam ina chuid comhdhúl, rud nach mbeifeá ag súil lena mhalairt ó lantanóideach. Is iad an trí-ocsaíd dé-thúiliam (an tseisce-ocsaíd, nó an túilia) Tm<sub>2</sub>O<sub>3</sub>, na halaiginidí agus an tríhiodrocsaíd na comhdhúile is tábhachtaí. Bíonn comhdhúile dénártha ag an túiliam lena lán dúl: TmN (nítríd túiliam), TmS (suilfíd túiliam), TmGe<sub>3</sub> (tríghearmáiníd túiliam) agus eile, agus uimhreacha éagsúla ocsaídiúcháin aige iontu (+II, +III, +IV ar a laghad), ach is é ian túiliam (+III) an t-aon chineál túiliam a bhíonn le haithint sna tuaslagáin uisce.
 
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an túiliam, is é sin, túiliam a 169, agus ní bhíonn iseatóip eile ar fáil sa dúlra. Bhí na fisiceoirí in ann a lán iseatóp radaighníomhach a ghineadh ina gcuid saotharlann, ach ní féidir a rá go mbeadh aon cheann acu fadsaolach. Is é túiliam a 170 an raidiseatóp is fadsaolaí, agus é 1.92 bliain ar leathré. Is é an cineál meath radaighníomhach is mó a thagann air ná leictreonghabháil.
 
Cosúil le lantanóidigh áirithe eile (an hoilmiam agus an t-eirbiam, cuir i gcás) úsáidtear túiliam sna gléasraí léasair.