An difríocht idir athruithe ar: "Na teangacha Ind-Eorpacha"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: gd:Cànanan Innd-Eòrpach
bearla
Líne 61:
B'é Marcus Zuerius van Boxhorn, teangeolaí agus fear léinn ón Ísiltír, ba túisce a chuir sonrú sna cosúlachtaí idir teangacha áirithe Ind-Eorpacha, chomh fada siar leis an mbliain 1647. Thug sé "na teangacha Scitiacha" ar an bhfine teangacha a d'aithin sé, agus ar dtús, luaigh sé an Ísiltíris, an Ghearmáinis, an Laidin, an Pheirsis, agus an Ghréigis mar bhaill den fhine seo. Níos déanaí, d'aicmigh sé na teangacha Baltacha, na teangacha Slavacha agus na teangacha Ceilteacha mar "theangacha Scitiacha" freisin. Níor chuala an saol mór iomrá ar a chuid oibre riamh, áfach, agus mar sin, níor thug torthaí a shaothair spreagadh ar bith do lucht a chomhaimsire chun tuilleadh taighde a dhéanamh ar an gceist seo.
 
Sa bhliain 1786, áfach, thug Sior William Jones léacht faoi na cosúlachtaí a d'aithin sé idir ceithre theanga na seanársaíochta: an Laidin, an tSanscrait, an Ghréigis agus an Pheirsis. Threisigh [[Franz Bopp]] leis an tuiscint nuair a chuir sé teangacha i gcomparáid le chéile de réir modhanna córasacha oibre, agus sna blianta 1833-1852, d'oibrigh sé amach a mhórshaothar, ''Vergleichende Grammatik des Sanskrit, Zend, Griechischen, Lateinischen, Litauischen, Gotischen und Deutschen'', is é sin, "Gramadach Chomparáideach na Sanscraite, na hAivéistise, na Gréigise, na Laidine, na Liotuáinise, na Gotaise agus na Gearmáinise". Ba í an Ghramadach Chomparáideach sin a chuir tús leis an léann Ind-Eorpach mar dhisciplín acadúil.
 
== Forbairt na dTeangacha Ind-Eorpacha ==