An difríocht idir athruithe ar: "Idirnáisiúntas Sóisialach"

Content deleted Content added
bhí "t" ar lár
Líne 3:
==Stair==
 
Téann stair an Idirnáisiúntáin Shóisialaigh ar ais go dtí bunú an [[Dara hIdirnáisiúntán]], sa bhliain [[1889]]. Tháinig scoilt ar an Idirnáisiúntán seo nuair a phléasc an [[Chéad Chogadh Domhanda]] amach, agus hathbhunaíodh, mar Idirnáisiúntán na Sóisialach agus an Lucht Oibre, sa bhliain [[1923]] é. Le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]], cuireadh cuid mhaith de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntáin seo faoi chois, agus tháinig sé le chéile arís i ndiaidh an chogaidh. B'ansin a fuair sé an t-ainm atá ar an eagraíocht inniu.
 
Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuidigh an tIdirnáisiúntán Sóisialach le bunú nó athbhunú páirtithe daonlathacha sóisialacha i dtíortha a bhí ag teacht chucu arís i ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh ina ndeachtóireachtaí, ar nós na [[An Phortaingéil|Portaingéile]] agus na [[An Spáinn|Spáinne]]. Sna hochtóidí, bhí cuid mhór de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntáin ag tacú leis na [[Saindinistithe]] i [[Nicearagua]], agus an páirtí seo i ndiaidh naimhdeas [[na Stát Aontaithe]] a tharraingt air lena chuid polasaithe cléacha. Idir an dá linn, d'fháiltigh an tIdirnáisiúntán an páirtí Saindinistíoch mar bhallpháirtí, maille le páirtithe áirithe iar-Chumannacha, ar nós na nDaonlathach Clé ón [[An Iodáil|Iodáil]] agus [[FRELIMO]] ó [[Mósaimbíc|Mhósaimbíc]].
 
Fo-bhalleagraíocht de chuid an Idirnáisiúntáin Shóisialaigh is ea é Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha, is é sin, faicsean na sóisialaithe daonlathacha ar an bPairlimint Eorpach.
 
Sa bhliain [[2006]], is é Giorgos Papandreou, cathaoirleach Ghluaiseacht Pan-Heilléineach na Sóisialaithe, atá i gceannas ar an Idirnáisiúntán Sóisialach. Tháinig sé i gcomharbas ar António Guterres, an Sóisialach Portaingéileach a bhí san oifig chéanna ón mbliain [[1999]] ar aghaidh.
 
==Nasc seachtrach==