An difríocht idir athruithe ar: "Lúitéitiam"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: hif:Lutetium
No edit summary
Líne 10:
}}
Is é an '''lúitéitiam''' dúil uimhir a 71, agus é ar an gceann is troime de na lantanóidigh. Is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí ná '''Lu'''. Miotal geal é agus é réasúnta díonta ar an gcreimeadh. Dúil thrífhiúsach é, is é sin, is é +III an staid ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl, díreach cosúil leis na lantanóidigh eile. Tá an lúitéitiam nádúrtha comhdhéanta as dhá iseatóp: an t-iseatóp cobhsaí, lúitéitiam a 175, agus an raidiseatóp nádúrtha, lúitéitiam a 176 (2.59 % de lúitéitiam an dúlra). Tá an raidiseatóp sin chomh fadsaolach, áfach, gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht sa ghnáthshaol.
 
Is dual don lúitéitiam smúid ocsaíde a fháil faoi thionchar an aeir, agus má théitear go 150 céim Celsius é, rachaidh sé trí thine le ocsaíd lúitéitiam (III), Lu<sub>2</sub>O<sub>3</sub>, a dhéanamh. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, ionas go nginfear halaiginídí: LuF<sub>3</sub>, LuCl<sub>3</sub>, LuBr<sub>3</sub>, LuI<sub>3</sub>. Tá an iaidíd donn, agus an trí halaiginíd eile bán.
 
Triúr saineolaithe a rinne fionnachtain an lúitéitiam sa bhliain 1907 beag beann ar a chéile, mar atá, an Francach Georges Urbain, an tOstarach Carl Auer von Weisbach, agus an Meiriceánach Charles James. Ceimiceoirí a bhí sa bheirt eile, agus Weisbach ina mhianreolaí. Tháinig gach duine acu ar an lúitéitiam mar thruailleán san itéirbia, is é sin, an ocsaíd itéirbiam. Ba é Urbain a bhaist an dúil nua. ''Lutetia'' an seanainm Laidine ar Pháras, príomhchathair na Fraince.
 
{{Catcómhaoin|Lutetium|Lúitéitiam}}