An difríocht idir athruithe ar: "Fernão de Magalhães"

m
Cealaíodh athruithe 88.14.181.79 (Plé); ar ais chuig leagan le Xqbot
m (Cealaíodh athruithe 88.14.181.79 (Plé); ar ais chuig leagan le Xqbot)
[[Íomhá:Ferdinand Magellan.jpg|deas|250px|thumb|Fernão de Magalhães]]
Taistealaí farraige [[An Phortaingéil|Portaingéalach]] ab ea é '''Fernão de Magalhães''' ([[Béarla]]: ''Ferdinand Magellan'', [[Spáinnis]]: ''Fernando de Magallanes'', [[Gaeilge]]: ''Fearganainm Maigeallan'', [[1480]] – [[27 Aibreán]], [[1521]]), a thug turasanna tábhachtacha taiscéalaíochta i seirbhís na [[An Spáinn|Spáinne]]. B'eisean a bhí i gceannas ar an chéad turas rathúil timpeall an domhain. Níor éirigh leis, áfach, an turas sin a chríochnú, nó cailleadh i g[[Cath Mactan]] in Oileán [[Cebu]] é, ceann de na h[[Na hOileáin Fhilipíneacha|Oileáin Fhilipíneacha]]. Cath ab ea é a tharraing sé anuas air féin, nuair a chuir sé ladar i gcúrsaí polaitíochta na mbundúchasach i Cebu.
 
== Na Chéad Turasanna a Thug Sé ==
 
Chuaigh Magalhães ar a chéad turas farraige sa bhliain 1505, nuair a bhí sé cúig bliana fichead d'aois. An uair sin, bhí sé ar duine acu siúd a bhí le Francisco de Almeida a insealbhú mar leasrí Portaingéalach. B'ansin a tháinig Magalhães i ndeabhaidh lainne an chéad uair, nó fuair siad rompu taoiseach a bhí tar éis cáin a íoc le BhascoVasco da Gama trí bliana roimhe sin, agus é ag diúltú Almeida faoin gcáin anois. Ansin, d'ionsaigh lucht leanúna Almeida é, agus ghabh siad Kilwa i dTansáin an lae inniu.
 
Sa bhliain 1506, chuaigh Magalhães go dtí na hIndiacha Thoir, agus é ag glacadh páirte sna turasanna taiscéalaíochta go dtí Oileáin na Spíosraí. I bhFeabhra 1509, throid sé i gcath farraige Diu, a chuir deireadh le tionchar na Tuirce Otamánaí sa chearn sin den domhan. Bronnadh dintiúirí an chaiptín ar Mhagalhães sa bhliain 1510. Chaill sé an coimisiún, áfach, sa bhliain a bhí chugainn, nuair a thug sé turas soir ar a long gan chead a fháil ó na húdaráis chuí roimhe sin. B'éigean dó filleadh go dtí an Phortaingéil sa bhliain 1512.