An difríocht idir athruithe ar: "Rote Armee Fraktion"
Content deleted Content added
Líne 85:
=== An Tríú Glúin ===
Mar a fuair
Níl mórán ar eolas faoi na daoine a bhí páirteach in obair na tríú glúine. Níos mó ná duine as gach beirt, níl a fhios ag údaráis dlí na Gearmáine cérbh iad féin nó cad iad na hainmneacha a bhí orthu. Iad siúd a bhfuil a n-ainmneacha ag na húdaráis, ní raibh ach Wolfgang Grams agus Birgit Hogefeld i gceannas ar an drong, de réir dealraimh. Maidir leis na dúnmharuithe a rinne an drong sna blianta 1985-1993, níl a fhios ag na húdaráis ach ainm aon duine acu siúd a bhí páirteach. Murab ionann agus sna seachtóidí, ní raibh radacaigh eile na heite clé sásta cuidiú ná comhoibriú leis na sceimhlitheoirí a thuilleadh.
Líne 95:
Ar an 10 Deireadh Fómhair 1986 mharaigh beirt daoine aineoil Gerold von Braunmühl, taidhleoir de chuid Roinn Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine in Ippendorf, Bonn, é, áit a raibh cónaí air.
Ar an 30 Samhain 1989 scaoileadh urchar marfach le hAlfred Herrhausen, bainisteoir an Bhainc Ghearmánaigh (''Deutsche Bank''). Baincéir as an ngnáth a bhí ann, mar Herrhausen, nó bhí féith intleachtóra ann agus é sásta cluas thuisceanach a thabhairt do radacaigh chlé féin. Bhí suim aige i bhfadhbanna na dtíortha bochta freisin, agus é buartha faoin dóigh a raibh a lán tíortha tearcfhorbartha báite i bhfiacha.
Sa bhliain 1990 thairg an tAire Dlí agus Cirt Klaus Kinkel na sceimhlitheoirí i bpríosúin na Gearmáine a scaoileadh saor, ar acht is go n-éireodh an chuid ghníomhach den ghluaiseacht as na hionsaithe. Níor thángthas ar aon chomhthuiscint phoiblí faoi sin, ach sa bhliain 1991 bhí RAF sásta "fairsingiú na gníomhaíochta a chur ar ceal" mar a dúirt siad féin. Inniu, is eol dúinn go raibh na sceimhlitheoirí idir dhá chomhairle faoin tairiscint seo. Bhí Brigitte Mohnhaupt orthu siúd a dhiúltaigh, theastaigh ó sceimhlitheoirí eile ar nós Karl-Heinz Dellwo agus Lutz Taufer glacadh leis an tairiscint.
|