An difríocht idir athruithe ar: "Rote Armee Fraktion"

Content deleted Content added
Líne 100:
 
Ar an 1 Aibreán 1991 maraíodh Detlev Karsten Rohwedder, a bhí i gceannas ar an ''Treuhandanstalt'', nó údarás príobhádaithe na maoine poiblí a thit leis an nGearmáin aontaithe ó Dhaonphoblacht na Gearmáine, is é sin, an stát cumannach in oirthear na Gearmáine. Ní raibh na húdaráis in ann a shocrú sa chás seo féin cérbh iad na ciontóirí. Deich mbliana ní ba deireanaí, thug anailis an aigéid dhí-ocsairibeanúicléasaigh i ruainne gruaige a fuarthas in áit an ghnímh, - thug an anailis sin le tuiscint gur le Wolfgang Grams an ruainne gruaige. Fuarthas locht ar thoradh na hanailise seo, áfach.
 
Istoíche idir an 26 agus an 27 Márta 1993 buamáladh Peannadlann Weiterstadt le breis is 200 kg ábhair phléasctha. Cuireadh trí fhoirgneamh lóistín agus an foirgneamh riaracháin de dhroim an domhain, agus rinne an mhórphléasc damáiste don chuid eile den pheannadlann a chlúdaíonn trí chiliméadar cearnacha. Ní bhfuair aon duine bás, nó ní raibh an peannadlann ach á tógáil san am sin.
 
Ar an 27 Meitheamh 1993 gabhadh Birgit Hogefeld agus Wolfgang Grams i mBad Kleinen. Tháinig an fheadhain speisialta úd Grenzschutzgruppe 9 (GSG 9) i láthair le cabhrú leis na gnáthphóilíní. D'éirigh leis na póilíní Hogefeld a chimiú go néata, ach d'éirigh ina chogadh dearg idir Grams agus lucht a ghabhála, agus ba é ba toradh don scéal gur maraíodh Grams agus duine de na póilíní speisialta, fear darbh ainm Michael Newrzella. I ndiaidh na n-imeachtaí, d'éirigh an tAire Gnóthaí Inmheánacha Rudolf Seiters as.
 
Sa bhliain 1992 tháinig an teoiric ar an bhfód nach raibh an "tríú glúin" ann ar aon nós, ach gurbh iad na seirbhísí rúnda a rinne gníomhartha sceimhlitheoireachta na glúine sin le brú a chur ar an tsochaí agus ar na polaiteoirí tuilleadh maoiniú a thabhairt do na seirbhísí sin. Ba iad an triúr iriseoirí úd Gerhard Wisnewski, Wolfgang Landgraeber agus Ekkehard Sieker a chuir an teoiric seo faoi bhráid an tsaoil mhóir, ar dtús ar an gclár nuachta agus tráchtaireachta úd ''Monitor'' ar an tseirbhís chraolacháin ARD, agus ina dhiaidh sin, faoi chlúdach leabhair. Is é an dearcadh a bhí ag an gcuid ba mhó de na tráchtairí - ar nós an t-eolaí polaitiúil Alexander Strassner as Ollscoil Regensburg - nach raibh ann ach gnáth-theoiric chomhcheilge nár chóir an iomarca creidiúna a thabhairt di, a fhad is nach raibh fianaise ann.
 
== Baill thábhachtacha ==