An difríocht idir athruithe ar: "Grianghaoth"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag baint: ka:მზის ქარი
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:VoyagerHéileathruaill.jpg|thumb|400px|An spástaiscéalaí úd ''Voyager a hAon'' ag teacht a fhad leis an héileathruaill. Is éard is héileathruaill ann ná an chuid den héilisféar atá suite taobh thiar den turraing foirceanta. Tabhair faoi deara nach bhfuil an pictiúr seo ag cur leis na teoiricí is nua, nó is é tuiscint an lae inniu nach bhfuil an héilisféar chomh fadaithe seo faoi thionchar an mheáin idir-réaltaigh.]]
 
Is éard is '''grianghaoth''' ann ná an sruth de cháithníní luchtaithe atá ag teacht as an n[[An Ghrian|Grian]] agus á scaipeadh amach sa spás. An chuid is mó de na cáithníní seo, is [[leictreon|leictreoin]] agus [[prótón|prótóin]] iad, agus faigheann gach ceann acu timpeall ar aon [[leictreonvolta]] amháin [[fuinneamh|fuinnimh]] ón nGrian nuair a fhágann sé í. Tá na cáithníní in ann éalú ó [[imtharraingt]] na Gréine, agus an fuinneamh sin á dtiomáint. Faigheann siad cuid den fhuinneamh sin i g[[coróin na Gréine]], toisc go bhfuil sí an-te, ach níltear ábalta go fóill an chuid eile den fhuinneamh a mhíniú go sásúil.