An difríocht idir athruithe ar: "Virginia Woolf"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 23:
 
Ba thimpeallacht lán de thionchar an aois liteartha Victeoiriaigh é baile Virginia Woolf, as siocair Sir Leslie Stephen a bheith chomh tábhachtach sna hearnálacha léirmheastóireachta, beathaisnéisí agus eagarthóireachta, agus ar a bharr sin ar an nasc pearsanta a bhí aige leis an údar [[William Makepeace Thackeray]] (ba í bean Sir Leslie Stephen, Harriet Thackeray, an 'níon b'óige de chuid [[William Makepeace Thackeray|Thackeray]]). I measc na gcuairteoirí rialta ar an teach, bhí Henry James, George Henry Lewes, Julia Margaret Cameron (aintín Julia Stephen), agus James Russell Lowell, a bhí mar chara Críost oinigh ag Virginia.
[[Íomhá:Burne ,Princess Sabra Led to the Dragon.jpg|thumb|left|200px|Julia Prinsep Stephen le Edward Burne-Jones, 1866]]
 
Ní raibh máthair Virginia Woolf gan bhaint aici le pearsana mhóra an lae ach an oiread. Ba bhanghiolla de chuid [[Marie Antoinette na hOstaire]] í duine de shinsearaigh Julia Stephen, agus tá a lán banghaolta de chuid Julia (í féin san áireamh) le feiceáil sna phictiúir is ghrianghraif réamh-Rafaeilíteacha, inar oibrigh siad mar chuspaí. [[Íomhá:Burne ,Princess Sabra Led to the Dragon.jpg|thumb|left|200px|Julia Prinsep Stephen le Edward Burne-Jones, 1866]]
 
Bhí leabharlann fhairsing chumsitheach sa teach acu, agus b'í seo an áis oideachais ba thábhachtaí dá raibh ag Virginia agus ag a deirfiúr Vanessa, mar nach bhfuair siad an t-oideachas foirmiúil a bhí ar fáil dá deartháireacha. B'údar éada é seo do Virginia Woolf riamh, agus b'oth léi nár cuireadh í ar chomhchéim leofar, a seoladh chun na [[Cambridge|Droichid Caim]], áit ina bhfuair siad oideachas den chéad scoth.<ref>To the Lighthouse le Virginia Woolf, 1927</ref>