An difríocht idir athruithe ar: "Brian Seosamh Ó Luineacháin"

no edit summary
|páirtí =[[Fianna Fáil]]
|}}
Ba pholaiteoir [[Poblacht na hÉireann|Éireannach]] agus [[Teachta Dála]] de chuid [[Fianna Fáil|Fhianna Fáil]] é '''Brian Seosamh Ó Luineacháin''' ([[21 Bealtaine]], [[1959]] &mdash; [[10 Meitheamh]], [[2011]]).<ref>http://oireachtas.ie/members-hist/default.asp?housetype=0&HouseNum=30&MemberID=628&ConstID=96</ref> Ba é an tAire Airgeadais ó 2008 go dtí 2011. Tar éis d'Fhianna Fáil a bheith buailte go dona in Olltoghchán 2011, ba é an t-aon Teachta Dála de chuid an pháirtí sin a bhfuil suíochán Dála aige/aici i m[[Baile Átha Cliath]]. Ba mhac le [[Brian Pádraig Ó Luineacháin|Brian Ó Luineacháin]] é agus toghadh é chun na Dála an chéad uair i 1996 chun suíochán a athar a líonadh tar éis dó siúd bás a fháil de thinneas. Sceith [[TV3]] an scéal go raibh ailse air um Nollaig [[2009]]. Cailleadh é de thairbhe [[ailse an phaincréis]] ar an 10 Meitheamh 2011.
 
Bhí sé ina Theachta Dála ó [[1996]] nuair a bhuaigh sé fothoghchán i nDáilcheantar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] Thiar. Atoghadh é ag gach olltoghchán ina dhiaidh sin.
 
Ceapadh é mar Aire Leanaí sa bhliain [[2002]]. Aireacht shóisear ab ea an Aireacht Leanaí ag an am sin ach bhí cead aige dul go dtí cruinnithe an chaibinéid.
 
Tar éis olltogchán na bliana [[2007]] cheap an Taoiseach, [[Bertie Ahern]], é mar Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
 
Tháinig [[Brian Ó Comhain]] i gcomharbacht ar Ahern sa bhliain [[2008]] agus cheap sé Ó Luineacháin mar Aire Airgeadais. Ba é an tAire Airgeadais ó 2008 go dtí 2011 agus bhí air déileáil leis na géarchéimeanna airgeadais agus baincéarachta a bhuail [[Éire]] ag an am sin. Tar éis dhá bhliain ag dul i ngleic leis na fadhbanna bhí air glacadh le scéim tarrthála ón g[[Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta]] agus ón [[Aontas Eorpach]] ag deireadh na bliana 2011.
 
Tar éis d'Fhianna Fáil a bheith buailte go dona in Olltoghchán 2011, ba é an t-aon Teachta Dála de chuid an pháirtí sin a bhuaigh suíochán Dála i m[[Baile Átha Cliath]]. Ba mhac le [[Brian Pádraig Ó Luineacháin|Brian Ó Luineacháin]] é agus toghadh é chun na Dála an chéad uair i 1996 chun suíochán a athar a líonadh tar éis dó siúd bás a fháil de thinneas. Sceith [[TV3]] an scéal go raibh [[ailse]] air um Nollaig [[2009]]. Cailleadh é de thairbhe ailse an [[Paincréas|phaincréis]] ar an 10 Meitheamh 2011.
 
Phós sé Patricia Ryan sa bhliain [[1997]] agus bhí beirt clainne acu (mac agus iníon).
 
== Tagairtí ==
349

edits