An difríocht idir athruithe ar: "Fosfar"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: mrj:Фосфор
mNo edit summary
Líne 9:
|Íomhá=P-TableImage.png
}}
Is é an '''fosfar''' [[dúil cheimiceach]] uimhir a cúig déag.. Tá sé 30.973762 g/mol ar mheáchan adamhach, agus is é '''P''' an t[[siombail cheimiceach]]. Neamh-mhiotal é an fosfar a bhfuil a lán [[Allatrópacht|allatróp]] éagsúil aige. Bíonn an fosfar coitianta go leor sa dúlra, ós fosfáití iad a lán cineálacha cloiche. Tugtar fosfaracht nó fosfaraíocht ar an méarnáil a thagann i substaintí áirithe agus iad tar éis [[solas]] nó radaíocht a shú isteach, ach le fírinne, ní fosfaracht den chineál seo atá i gceist le méarnáil an fhosfair bháin, ach ceimealonracht. Is é sin, tá imoibriú ceimiceach ar siúl idir an fosfar agus [[ocsaigin]] an aeir, agus is é an t-imoibriú sin is cúis leis an loinnir.
 
Tá an fosfar an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh, agus mar sin, ní fhaightear ina dhúil é sa dúlra. Tá ról tábhachtach aige sa bhitheolaíocht, agus teacht air san aigéad dí-ocsairibeanúicléasach, san aigéad ocsairibeanúicléasach, sa trífhosfáit adanóisín, sna fosfailipidí agus i gcuid mhaith substaintí bithcheimiceacha eile. Úsáidtear fosfar i leasú talún, i dtaos fiacla, i gcipíní, i [[Néarghás|néargháis]], i dtine ealaíne, i bhfeithidicídí agus i nglantaigh.