An difríocht idir athruithe ar: "Bórón"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: mrj:Бор (элемент)
Naisc
Líne 11:
Is [[dúil cheimiceach]] é an '''bórón'''. Is í an [[mais adamhach|mhais adamhach]] atá aige ná 10.811 g/mol agus is iad an [[uimhir adamhach]] agus an tsiombail cheimiceach atá aige ná 5 agus B.
 
Is miotalóideach é an bórón, agus is é an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s<sup>2</sup>2s<sup>2</sup>2p<sup>1</sup>. Is é sin, níl ach trí [[leictreon]] ar an dara sceall. Tá an bórón ar fáil sa dúlra flúirseach go maith i [[mianra|mianraí]] éagsúla, ar nós bórás (teitreabóráit sóidiam), úilicsít (go bunúsach, meascán as bóráití an tsóidiam agus an chailciam), sasóilít (arb ionann í agus an t-aigéad bórach) agus a lán eile.
 
Úsáidtear an bórón - an dúil cheimiceach féin - ina dhópán sa leictreonaic, is é sin, measctar iarsmaí beaga bóróin tríd an [[sileacan]] le seoltacht an tsileacain a athrú - sin é an rud a dtugtar "dópáil" air i dtionsclaíocht na leathsheoltóirí. Mar a chonaic muid, níl ach trí leictreon ar an sceall is faide amuigh in adamh an bhóróin, ach in adamh an tsileacain, tá ceithre leictreon ar sceall na bhfiúsleictreon. Má chuirtear adamh amháin bóróin i struchtúr an chriostal sileacain, fágfar áit aon leictreon amháin folamh, ionas go gcaithfidh an bórón leictreon a fháil ar iasacht ón gcéad adamh sileacain eile. Ansin, áfach, beidh folúntas nua timpeall an adaimh sin. - Is féidir le folúntais den chineál sin sruth [[leictreachas|leictreach]] a iompar, agus mar sin, ní gá ach le beagáinín bóróin le seoltacht leictreach an tsileacain a ardú go mór.
 
Tá go leor [[Allatrópacht|allatróp]] ag an mbórón: an bórón dímhorfach, an t-alfa-bhórón rombaihéidreach, an béitea-bhórón rombaihéadrach, agus an gáma-bhórón ortarombach, agus eile. Is féidir, fiú, bórón miotalach a tháirgeadh, ach le sin a dhéanamh, teastaíonn bórón iontach glan agus imthoscaí speisialta (brú ard agus teocht ard).
 
Is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla ag an mbórón ina chuid comhdhúl ná +3. Ina lán comhdhúl dá chuid, áfach, bíonn sé deacair an struchtúr a léiriú le coincheapanna coinbhinsiúnacha na [[ceimic]]e ar nós nasc comhfhiúsach nó uimhir ocsaídiúcháin. Mar sin, bíonn teoiric na bhfithiseán móilíneach riachtanach le cur síos éigin a thabhairt orthu. Sampla de seo iad na bóráin nó na hidridí bóróin, is é sin, comhdhúile an bhóróin agus na [[hidrigin]]e. Nó bíonn níos mó adaimh hidrigine sna [[comhdhúil]]e seo ná mar ba chóir, de réir na tuisceana coinbhinsiúnaí. Baintear úsáid as na bóráin mar [[Imoibrí|imoibrithe]] sa cheimic orgánach, agus iad ina ndí-ocsaídeoirí láidire.