An difríocht idir athruithe ar: "Bórón"

Content deleted Content added
Naisc
mNo edit summary
Líne 13:
Is miotalóideach é an bórón, agus is é an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s<sup>2</sup>2s<sup>2</sup>2p<sup>1</sup>. Is é sin, níl ach trí [[leictreon]] ar an dara sceall. Tá an bórón ar fáil sa dúlra flúirseach go maith i [[mianra|mianraí]] éagsúla, ar nós bórás (teitreabóráit sóidiam), úilicsít (go bunúsach, meascán as bóráití an tsóidiam agus an chailciam), sasóilít (arb ionann í agus an t-aigéad bórach) agus a lán eile.
 
Úsáidtear an bórón - an dúil cheimiceach féin - ina dhópán sa leictreonaic, is é sin, measctar iarsmaí beaga bóróin tríd an [[sileacan]] le seoltacht an tsileacain a athrú - sin é an rud a dtugtar "dópáil" air i dtionsclaíocht na leathsheoltóirí. Mar a chonaic muid, níl ach trí leictreon ar an sceall is faide amuigh in adamh an bhóróin, ach in adamh an tsileacain, tá ceithre leictreon ar sceall na bhfiúsleictreon. Má chuirtear adamh amháin bóróin i struchtúr an chriostal sileacain, fágfar áit aon leictreon amháin folamh, ionas go gcaithfidh an bórón leictreon a fháil ar iasacht ón gcéad adamh sileacain eile. Ansin, áfach, beidh folúntas nua timpeall an adaimh sin. - Is féidir le folúntais den chineál sin sruth [[leictreachas|sruth leictreach]] a iompar, agus mar sin, ní gá ach le beagáinín bóróin le seoltacht leictreach an tsileacain a ardú go mór.
 
Tá go leor [[Allatrópacht|allatróp]] ag an mbórón: an bórón dímhorfach, an t-alfa-bhórón rombaihéidreach, an béitea-bhórón rombaihéadrach, agus an gáma-bhórón ortarombach, agus eile. Is féidir, fiú, bórón miotalach a tháirgeadh, ach le sin a dhéanamh, teastaíonn bórón iontach glan agus imthoscaí speisialta (brú ard agus teocht ard).