An difríocht idir athruithe ar: "Carbón"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: mrj:Углерод
mNo edit summary
Líne 18:
== Allatróip an charbóin ==
 
Tá foirmeacha éagsúla [[Allatrópacht|allatrópacha]] ag an gcarbón, agus is iad an diamant agus an ghraifít an dá allatróp is coitianta. Tá struchtúr tríthoiseach ag an diamant a choinníonn le chéile é go daingean. Ón taobh eile de, tá criostal na graifíte comhdhéanta as "plátaí" déthoiseacha d'adaimh charbóin nach bhfuil ach naisc laga eatarthu, rud a chiallaíonn go bhfuil an ghraifít sobhriste go leor. Mar sin, cé gurb iad na hadaimh chéanna atá sa dá chineál carbóin, tá siad an-difriúil: tá an diamant crua geal trédhearcach, agus tá an ghraifít bog dubh teimhneach. Ní féidir leis an diamant [[leictreachas]] a iompar, ós rud é go bhfuil na [[leictreon|leictreoin]] suite go daingean sna naisc chomhfhiúsacha, agus ní féidir leo dul timpeall sa chriostal. Scéal eile é scéal na graifíte arís. Bíonn cead a gcos ag na leictreoin idir na "plátaí", ionas gur féidir leo sruth leictreach a iompar i gcriostal na graifíte. Mar sin, tá seoltacht áirithe ag baint leis an ngraifít, cé nach féidir a rá gur seoltóir maith leictreachais a bheadh inti.
 
Tá a leithéid d'allatróp ann freisin agus carbón dímhorfach, is é sin, carbón nach bhfuil struchtúr soiléir criostail aige. Go dtí le déanaí, shíltí gur carbón dímhorfach a bhí i gceist le gual agus le súiche, ach ní mar sin atá - le fírinne, tá an dá chuid sin comhdhéanta as criostail bheaga bhídeacha graifíte. Inniu féin, tugtar "carbón dímhorfach" ar an dá chineál seo go minic, áfach. Is féidir carbón fíor-dhímhorfach a tháirgeadh, ach tá sé deacair.