An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Ó Súilleabháin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
 
Bhí an Ghaeilge ag fáil bháis ina cheantar dúchais agus an Súilleabhánach óg, ach spreag daoine a bhí páirteach i ngluaiseacht na Saoirse i mBéara a spéis sa teanga agus sa pholaitíocht. Bhí cúigear uncail dá chuid páirteach i g[[Cogadh na Saoirse]], agus ba phoblachtánach diongbháilte é Diarmaid ar feadh a shaoil. Bhí sé ina bhall gníomhach de [[Sinn Féin|Shinn Féin]] agus cuireadh i bpríosún é i 1972 de bharr óráidí a rinne sé ag tacú le feachtas [[na Sealadaigh|na Sealadach]] i dtús na seachtóidí. Bhí sé ar Ard Chomhairle Shinn Féin agus ina stiúrthóir poiblíochta ag gluaiseacht na poblachta.
 
==Saothair==
 
Scríobh Ó Súilleabháin drámaí dá chuid daltaí agus ba úrscéal do dhéagóirí an chéad leabhar dá chuid a cuireadh i gcló, "Súil le Muir". Ba é "Dianmhuilte Dé", a bhí suite ina cheantar dúchais le linn Chogadh na Saoirse, an chéad mhórshaothar dá chuid (1964) agus tháinig úrscéalta eile go tiubh sna sála air sin, "Caoin Tú Féin" (1967), "An Uain Bheo" (1968) agus "Maeldún" (1972) agus an cnuasach gearrscéalta "Muintir" (1971). Léiríodh drámaí dá chuid sna seascaidí chomh maith, ina measc "Bior" (1965), "Macalla" (1966) agus "Ontos" (1967). Foilsíodh an dá úrscéal "Ciontach' agus 'Aistear" i 1983, agus i ndiaidh a bháis foilsíodh úrscéalta eile dá chuid, "Lá Breá Gréine Buí" ina measc.