An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Rúise roimh Pheadar Mór"
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
litriú |
||
Líne 9:
== Clann Rurik ==
Deir an Chroinic gur gaireadh rí nó ruire de chineál éigin den taoiseach Lochlannach darbh ainm Rurik - ''Hrærekur'' in [[Íoslainnis]] an lae inniu, ''Rörek'' as [[Sualainnis]] - agus go ndeachaigh sé i gceannas ar an gcathair úd Novgorod. Faoin taca céanna - sa naoú haois - ghabh beirt taoiseach eile [[
Chuir Rurik bun le rítheaghlach a ainmnítear as féin - na ''Rurikovichy'' nó Clann Rurik. Fuair Rurik bás sa bhliain 879, ach má fuair féin, chrom a mhuintir ar obair an chogaidh ar áit na mbonn le tuilleadh tailte a ghabháil don tír a bhí bunaithe ag mo dhuine. Bhí luí ar leith ag Oleg (''Helgi'' as Íoslainnis, ''Helge'' i Sualainnis an lae inniu) le cogaíocht, agus d'éirigh leis bás an bheirt taoiseach a thabhairt a bhí i seilbh Chíév. Rinne sé a phríomhchathair féin de Chíév agus d'fhág sé mac Rurik, Igor (Ingvar i dteanga na Lochlannach) ag rialú Novgorod le cleachtadh a fháil ar ghnóthaí an taoisigh.
Líne 35:
== Vladimir ==
Nuair a bhí an bheirt eile ag déanamh créafóige, chuaigh Vladimir i gceannas ar Chíév. Taoiseach mór cogaidh a bhí ann, ar nós a mhuintire roimh a lá féin. Chuir sé cath ar na Liotuánaigh agus na Polannaigh a raibh a dtailte ag críochantacht lena thír féin, agus rinne sé an-ghabháltas ar a gcuid siúd. Sa deireadh, áfach, chinn sé ar iompú a dhéanamh i leith an leagain Oirthearaigh den chreideamh Chríostaí, nó fuair sé nár mhiste dó dul i gcomhghuaillíocht le Cathair Chonstaintín. Bhí an Chríostaíocht ag seadú ina chúirt féin cheana, agus daoine de lucht leanúna an chreidimh nua le fáil i measc uaisle a ríochta, gan aon trácht a dhéanamh ar an bparóiste Críostaí a bhí bunaithe ag an eaglais i
Mar sin, phós Vladimir Áine, an banphrionsa Polannach, agus chuaigh tonn bhaiste air. Thug sé dianorduithe do mhuintir na ríochta go léir an reiligiún úr a ghlacadh. Tháinig easpag nua sna sálaí ag Áine, agus chrom sé ar an misinéireacht go tréan tréamanta. Níor imigh mórán blianta go raibh Críostaíocht an Oirthir ina príomhreiligiún ar fud na tíre. Nuair a d'éag Vladimir, bhronn an Eaglais Ortadocsach naomhainmniú air in éiric an éachta a bhí déanta aige ag cur chun cinn an chreidimh i measc a chuid géillsineach.
Líne 43:
Sa bhliain 1015 a fuair sé bás, agus cibé fá dtaobh den Chríostaíocht, ní raibh mórán Críostúlachta ag roinnt leis an dóigh ar shocraigh a chlann mhac féin ceist na comharbachta eatarthu. B'é Svyatopolk, an mac ba sine acu, ba túisce a tháinig sa ríchathaoir, ach má tháinig féin, ní raibh an deartháir eile, Yaroslav, agus é i gceannas an airm - ní raibh Yaroslav sásta an chumhacht a fhágáil ag Svyatopolk gan cath a chur ar a shon féin. Chuaigh Svyatopolk i dtuilleamaí Bholeslaw, Rí na Polainne, le cuidiú a fháil in aghaidh Yaroslav, a d'fhan i gceannas Novgorod an chuid ba mhó den am, agus cogadh ar cois idir lucht a leanúna féin agus cuid a dhearthára.
Ghlac na géillsinigh col le Svyatopolk mar gheall den tíorántacht a bhí sé a imirt orthu le teann na heagla a bhí air roimh Yaroslav. Mar shampla, shaighid sé na feallmharfóirí i mBoris agus i nGleb, beirt fhear cráifeach ar gaireadh mairtírigh náisiúnta díobh ina dhiaidh sin. Bhí comhghuaillithe Svyatopolk - na ceithearnaigh Pheitsineigeacha a fuair sé ar iasacht ó rí na bPolannach - bhí siad ag caitheamh le bunadh na háite mar a shamhlófá le harm forghabhála: ag creachadh rompu is ag loitiméireacht ar fud na háite, ag éigniú ban is ag gadaíocht. I ndeireadh báire, tháinig arm Lochlannach Yaroslav isteach ó Novgorod le
== Yaroslav na n-ilbhuanna ==
Líne 55:
== Bás Yaroslav agus meath Chíév ==
Ar mhí-ámharaí an tsaoil, b'é an seanscéal sa Rúis arís é i ndiaidh bhás an phrionsa éirimiúil seo: thit a chlann agus lucht a ghaoil amach le chéile, agus an tír á lagú ag na mionchogaí is ag na trioblóidí éagsúla. D'éirigh prionsachtaí eile na Rúise níos tábhachtaí ná
De na mionphrionsachtaí a tháinig ar an bhfód nuair a bhí port Chíév seinnte, b'iad Novgorod agus Suzdal an dá cheann ba tábhachtaí, agus iad suite i dTuaisceart na Rúise, murab ionann agus
== Novgorod na Saoirse ==
Líne 65:
Bhí an-bhród ar mhuintir Novgorod as a ndaonlathas, agus iad ag tagairt dá gcathair mar a bheadh duine ann: ''Gospodin Gosudar' Velikiy Novgorod'' - An tUasal Novgorod, an Tiarna Mór.
Tá Novgorod suite níos faide thuaidh ná
B'iomaí cogadh a phléasc amach ina dhiaidh sin féin idir an tSualainn agus na Rúisigh, ach faoi dheireadh chuaigh acu teacht ar chineál comhghéilliúint agus an Fhionlainn is an Chairéil a roinnt eatarthu i Síocháin Schlüsselburg sa bhliain 1323.
Líne 75:
Tháinig an chéad ionradh Mongólach ar Dheisceart na Rúise sa bhliain 1223 faoi cheannas an Cháin mhórchlúitigh féin Geingeas. Ós rud é gur san Deisceart a rinne Geingeas a chuid racáin, níorbh eagal do Novgorod é; an chéad taoiseach eile - Batú - a chuaigh i gceannas ar arm a Chan féin, thug sé aghaidh ar na prionsachtaí tuaisceartacha, mar Vladimir-Suzdal agus Novgorod.
Ba mhillteanach an namhaid iad na Mongólaigh is na Tatáraigh, agus iad ag scuabadh rompu anoir gan oiread agus ballóg a fhágáil ina seasamh ina ndiaidh. B'iomaí cathair Rúiseach a scrios is a chreach siad gan taise, gan trua, gan trócaire -
Chuir na Mongólaigh cúirt an Cháin - an Mathshlua Órga - ar bun i nDeisceart na Rúise, in áit ar bhaist siad "Saray" uirthi.
|