An difríocht idir athruithe ar: "Teallúiriam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 11:
 
Is é an '''teallúiriam''' [[Dúil cheimiceach|dúil]] [[Uimhir adamhach|uimhir]] a 52 sa [[tábla peiriadach]]. '''Te''' an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Miotalóideach sobhriste airgeadgheal é an teallúiriam agus é réasúnta nimhiúil. Breathnaíonn sé cosúil leis an stán, ach is iad an sulfar agus an seiléiniam na dúile is gaolmhaire leis ó thaobh na ceimice de, ó tá sé in aon ghrúpa leo - grúpa na hocsaigine, nó na calcaiginí. Ba é Franz Joseph Müller von Reichenstein a rinne fionnachtain an teallúiriam sa Trasalváin sa bhliain 1782, ach fuair an dúil nua a hainm ó Martin Heinrich Klaproth sa bhliain 1798. Tá an t-ainm bunaithe ar an bhfocal Laidine ''tellus'', talamh.
 
Níl úsáid ar bith sa teallúiriam do bheothach an duine. A mhalairt ar fad is nimh é. Iompaíonn meitibileacht an duine an teallúiriam go démheitilteallúiriam (CH<sub>3</sub>)<sub>2</sub>Te, ar gás é agus boladh na gairleoige as, agus is féidir an boladh sin a aithint in análú na ndaoine a bhfuil nimhiú teallúiriam orthu.