An difríocht idir athruithe ar: "Teallúiriam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 20:
Tá an teallúiriam ar cheann de na dúile is teirce i screamh an Domhain. Is féidir teacht ar theallúiriam ghlan féin sa dúlra uaireanta, ach is minice a fhaightear sna mianraí é: calaibhirít, nó détheallúiríd óir, AuTe<sub>2</sub>, mar shampla. Le fírinne, is iad na teallúirídí óir na comhdhúile óir is minice a chasfaí ort sa dúlra, nó is dual don ór bheith ar fáil mar dhúil. Is í láib anóideach an chopair an fhoinse teallúiriam is tábhachtaí, áfach. Is éard atá sa láib anóideach ná na hiarsmaí a dheascann timpeall na hanóide le linn leictrealú.
 
Maidir leis na huimhreacha ocsaídiúcháin, is iad -2, +2, +4 agus +6 iad, agus is é +4 an ceann is coitianta. Bíonn -2 ar fáil sna teallúirídí, is é sin, i gcomhdhúile an teallúiriam agus na miotal, cosúil leis an teallúiríd since ZnTe, a gheofar má théitear an dá dhúil suas in éineacht. Nuair a imoibreoidh an teallúiríd since leis an aigéad hidreaclórach HCl, gheofar teallúiríd hidrigine H<sub>2</sub>Te, analóg an uisce. Tá an teallúiríd hidrigine féin an-éagobhsaí, agus claonadh láidir inti titim as a chéile go hidrigin agus teallúiriam. Aigéad scothláidir é, agus tá an t-ainian hidriteallúiríde HTe<subsup>-</subsup> réasúnta cobhsaí. Is féidir leis, fiú, dul i gcomhdhúile le caitian an tsóidiam Na<sup>+</sup> le cineál salainn, hidriteallúiríd sóidiam NaHTe, a chruthú.