An difríocht idir athruithe ar: "Teallúiriam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 22:
Maidir leis na huimhreacha ocsaídiúcháin, is iad -2, +2, +4 agus +6 iad, agus is é +4 an ceann is coitianta. Bíonn -2 ar fáil sna teallúirídí, is é sin, i gcomhdhúile an teallúiriam agus na miotal, cosúil leis an teallúiríd since ZnTe, a gheofar má théitear an dá dhúil suas in éineacht. Nuair a imoibreoidh an teallúiríd since leis an aigéad hidreaclórach HCl, gheofar teallúiríd hidrigine H<sub>2</sub>Te, analóg an uisce. Tá an teallúiríd hidrigine féin an-éagobhsaí, agus claonadh láidir inti titim as a chéile go hidrigin agus teallúiriam. Aigéad scothláidir é, agus tá an t-ainian hidriteallúiríde HTe<sup>-</sup> réasúnta cobhsaí. Is féidir leis, fiú, dul i gcomhdhúile le caitian an tsóidiam Na<sup>+</sup> le cineál salainn, hidriteallúiríd sóidiam NaHTe, a chruthú.
 
Maidir leis na halaiginí, is iad na teitreahalaiginídí cosúil leis an teitreaclóiríd TeCl<sub>4</sub>, an teitreabróimíd TeBr<sub>4</sub> agus an teitriaidíd TeI<sub>4</sub> na cinn is tábhachtaí. Is féidir, áfach, na teitreahalaiginídí a dhianscaoileadh go déhalaiginídí (TeCl<sub>2</sub>, TeBr</sub>2</sub>, TeI<sub>2</sub>). Ní féidir na déhalaiginídí a aonrú, ach bíonn siad le fáil i dtuaslagáin (sna tuaslagóirí orgánacha, seachas san uisce!), agus is féidir leo iain choimpléascacha a chruthú in éineacht leis na hainiain halaigine: teitreaclórateallúráit (II) TeCl<sub>4</sub><sup>2-</sup>, teitreabrómateallúráit (II) TeBr<sub>4</sub><sup>2-</sup> agus teitriaiditeallúráit (II) TeI<sub>4</sub><sup>2-</sup>. Ós ocsaídeoir láidir é an fluairín, tá sé in ann an teallúiriam a ocsaídiú go +6, ionas go bhfaighfear heicseafluairíd teallúiriam TeF<sub>6</sub>. Tá an uimhir ocsaídiúcháin chéanna ag an teallúiriam san adamhghrúpa -OTeF<sub>5</sub> freisin, agus é ar fáil i gcomhdhúile ar nós B(OTe<sub>5</sub>)<sub>3</sub>. Aigéad láidir é an t-aigéad peinteafluarortaiteallúrach (an t-aigéad teifleach) HOTeF<sub>5</sub>.
 
Is í an dé-ocsaíd teallúiriam TeO<sub>2</sub> an ocsaíd is tábhachtaí. Thairis sin, tá aonocsaíd TeO ann, ach tá an dá bh'fhéidir ann i gcónaí, an féidir í a aonrú mar sholad glan. Tá siad ann a deir nach bhfuil san aonocsaíd sholadach ach meascán as an dúil féin agus an dé-ocsaíd. Glactar leis, áfach, go bhfuil an aonocsaíd aitheanta mar mhóilín i bpas gásach.