An difríocht idir athruithe ar: "Teallúiriam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 25:
 
Is í an dé-ocsaíd teallúiriam TeO<sub>2</sub> an ocsaíd is tábhachtaí. Thairis sin, tá aonocsaíd TeO ann, ach tá an dá bh'fhéidir ann i gcónaí, an féidir í a aonrú mar sholad glan. Tá siad ann a deir nach bhfuil san aonocsaíd sholadach ach meascán as an dúil féin agus an dé-ocsaíd. Glactar leis, áfach, go bhfuil an aonocsaíd aitheanta mar mhóilín i bpas gásach. Tá ocsaídí eile ag an teallúiriam fós, ocsaídí ilfhiúsacha - is é sin, ní hionann uimhir ocsaídiúcháin ag gach adamh teallúiriam sna hocsaídí seo. Sampla é Te<sub>4</sub>O<sub>9</sub>. Imoibríonn na hocsaídí go léir leis an uisce, ionas go gcruthaítear ocsaigéid éagsúla teallúiriam.
 
Má théann an teallúiriam i dteagmháil le haigéad sulfarach tiubhaithe, gheofar an cineál caitiain ar a dtugtar caitiain Zintl, cineál caitian caitéanaithe: Te<sub>4</sub><sup>2+</sup>, mar shampla. Is féidir leis an teallúiriam caitiain den chineál seo a dhéanamh in éineacht leis an seiléiniam freisin: Te<sub>2</sub>Se<sub>6</sub><sup>2+</sup>, cuir i gcás.