An difríocht idir athruithe ar: "Teallúiriam"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) Naisc |
|||
Líne 18:
==Iseatóip an teallúiriam==
Tá ocht n-[[iseatóp]] nádúrtha ag an teallúiriam. Ceithre cinn acu, tá siad cobhsaí, is é sin, teallúiriam a 122 (2.55 % de theallúiriam an dúlra), teallúiriam a 124 (4.74 %), teallúiriam a 125 (7.07 %) agus teallúiriam a 126 (18.84 %). Iseatóip radaighníomhacha iad na cinn eile, mar atá, teallúiriam a 120 (0.09 %), teallúiriam a 123 (0.89 %), teallúiriam a 128 (31.74 %) agus teallúiriam a 130 (34.08 %). Cé go bhfuil an chuid is mó den teallúiriam nádúrtha radaighníomhach, níl priacal radaíochta ann, ó tá [[leathré]] na n-iseatóp sin an-fhada, fiú i gcomparáid le haois na hollchruinne féin. Mar sin, is féidir dearmad a dhéanamh den [[radaighníomhaíocht]] sin sa ghnáthshaol.
==Minicíocht sa Dúlra==
Tá an teallúiriam ar cheann de na dúile is teirce i screamh [[an Domhain]]. Is féidir teacht ar theallúiriam ghlan féin sa dúlra uaireanta, ach is minice a fhaightear sna
==Ceimic an Teallúiriam==
Maidir leis na huimhreacha ocsaídiúcháin, is iad -2, +2, +4 agus +6 iad, agus is é +4 an ceann is coitianta. Bíonn -2 ar fáil sna teallúirídí, is é sin, i gcomhdhúile an teallúiriam agus na miotal, cosúil leis an teallúiríd since ZnTe, a gheofar má théitear an dá dhúil suas in éineacht. Nuair a imoibreoidh an teallúiríd since leis an [[aigéad hidreaclórach]] HCl, gheofar teallúiríd hidrigine H<sub>2</sub>Te, analóg an [[uisce]]. Tá an teallúiríd hidrigine féin an-éagobhsaí, agus claonadh láidir inti titim as a chéile go [[hidrigin]] agus teallúiriam. Aigéad scothláidir é, agus tá an t-ainian hidriteallúiríde HTe<sup>-</sup> réasúnta cobhsaí. Is féidir leis, fiú, dul i gcomhdhúile le caitian an
===An Teallúiriam agus na Halaiginí===
Maidir leis na halaiginí, is iad na teitreahalaiginídí cosúil leis an teitreaclóiríd TeCl<sub>4</sub>, an teitreabróimíd TeBr<sub>4</sub> agus an teitriaidíd TeI<sub>4</sub> na cinn is tábhachtaí. Is féidir, áfach, na teitreahalaiginídí a dhianscaoileadh go déhalaiginídí (TeCl<sub>2</sub>, TeBr</sub>2</sub>, TeI<sub>2</sub>). Ní féidir na déhalaiginídí a aonrú, ach bíonn siad le fáil i dtuaslagáin (sna tuaslagóirí orgánacha, seachas san uisce!), agus is féidir leo iain choimpléascacha a chruthú in éineacht leis na hainiain halaigine: teitreaclórateallúráit (II) TeCl<sub>4</sub><sup>2-</sup>, teitreabrómateallúráit (II) TeBr<sub>4</sub><sup>2-</sup> agus teitriaiditeallúráit (II) TeI<sub>4</sub><sup>2-</sup>. Ós ocsaídeoir láidir é an [[fluairín]], tá sé in ann an teallúiriam a ocsaídiú go +6, ionas go bhfaighfear heicseafluairíd teallúiriam TeF<sub>6</sub>. Tá an uimhir ocsaídiúcháin chéanna ag an teallúiriam san adamhghrúpa -OTeF<sub>5</sub> freisin, agus é ar fáil i gcomhdhúile ar nós B(OTe<sub>5</sub>)<sub>3</sub>. [[Aigéad]] láidir é an t-aigéad peinteafluarortaiteallúrach (an t-aigéad teifleach) HOTeF<sub>5</sub>.
===Ocsaídí an Teallúiriam===
Líne 38:
===Caitiain Chaitéanaithe an Teallúiriam===
Má théann an teallúiriam i dteagmháil le
==Úsáid==
Úsáidtear an chuid is mó den teallúiriam sa [[miotalóireacht|mhiotalóireacht]]. Measctar teallúiriam tríd an gcruach dhosmálta agus tríd an gcopar leis na miotail seo a dhéanamh níos inmheaisínithe. Baineann an tionsclaíocht leictreonaice leas as an teallúiriam mar leathsheoltóir freisin.
|