An difríocht idir athruithe ar: "Panu Petteri Höglund"

Content deleted Content added
Go raibh maith agaibh as an leathanach, ach fuair mé riachtanach tuilleadh eolais a chur leis! P.
Mionathruithe
Líne 1:
Rugadh i gKalvola timpeall Hämeenlinna, An Fhionlainn, ar an seachtú lá déag de Mhí na Samhna sa bhliain 1966 é, ach is in Varkaus in Oirthear na Fionlainne a chaith sé a óige. Duine de phríomhghníomhaithe teanga agus litríochta na Gaeilge. Fionlannach ó dhúchas é, ach baineann cuid dá mhuintir leis an mionlach Sualannach, agus é féin ag glacadh páirt ghníomhach i saol cultúrtha an mhionlaigh. I gKalvola timpeall Hämeenlinna, An Fhionlainn, ar an seachtú lá déag de Mhí na Samhna sa bhliain 1966 a rugadh é, ach is in Varkaus in Oirthear na Fionlainne a chaith sé a óige. Chaith sé roinnt bhlianta ag staidéar ceimice; ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an léann Gearmánach, Polannach agus Rúiseach in ollscoil Åbo Akademi ina thír féin go dtí gur bhain sé amach céim M.A. sa bhliain 1997. Aistritheoir proifisiúnta atá ann. D'fhoghlaim sé an Ghaeilge as a stuaim féin, agus tá sé anois ar dhuine de na saineolaithe is mó ar an teanga, go háirithe ar litríocht agus ar chanúint Chúige Uladh. Tá suíomh idirlín fhairsing ilteangach aige ina gcuireann sé cúis na Gaeilge chun cinn. Chomh maith lena chuid aistí faoi stair agus litríocht na Gaeilge tá úrscéal "Tachtaimis an Grá Sin", gearrscéalta, cuimhní cinn, aistriúcháin agus aistí i dteangacha éagsúla scríofa aige.
Bhí an-bhaint aige leis an bhfeachtas poiblíochta chun stadas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
A Shuíomh idirlín:
 
[[http://www.geocities.com/faolchu.geo Faolchú]]
 
[[http://www.geocities.com/faolchu.geo/gaeilge.html A leathanach lán-Ghaeilge]]