An difríocht idir athruithe ar: "Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath"

no edit summary
 
An Ollscoil is sine in Éirinn.
Ba le linn do rítheaghlach na dTúdor sa Bhreatain a bheith ag leathnú cumhacht in Éirinn a bunaíodh Coláiste na Tríonóide. Bhronn bardas Bhaile Átha Cliath tailte seanmhainistreach ar an ollscoil, agus d'fhás sí go mear cé go raibh an saol an-chorrach in Éirinn sa seachtú haois déag. Mar gheall ar na cogaí creidimh idir Caitlicigh, Protastúnaigh agus Preisbitéirigh bhí scoláirí á ndíbirt agus úsáideadh an coláiste mar bheairic d'arm rí Shéamuis II i 1689. Bhí rudaí síochánta go leor san ochtú haois déag ach bhí corraíl ann in aimsir na nÉireannach Aontaithe (féach [[TheobaldTéobald Wolfe Tone]]) ag deireadh na haoise sin. Ag tús an fichiú haois rinneadh iarrachtaí láidre chun Coláiste na Tríonóide a nascadh le Ollscoil na hÉireann, ach d'éirigh leis a neamhspleáchas a choinneáil. Tosaíodh ar mhná a ghlacadh mar mhic léinn i 1904 agus ceapadh an chéad bhean mar ollamh tríocha bliain ina dhiaidh sin.
 
Ollúna le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide:
Úsáideoir gan ainm