An difríocht idir athruithe ar: "Allatrópacht"

Content deleted Content added
No edit summary
m Cealaíodh athruithe Blondiekid23 (Plé); ar ais chuig leagan le Guliolopez
Líne 2:
 
Dúile amháin atá i gceist leis an allatrópacht. Más [[comhdhúil]]e atá ann, tugaimid polamorfacht ar an bhfeiniméan.
 
Bíonn cobhsaíocht na n-allatróp ag brath ar an teocht agus ar an mbrú. Mar shampla, is é an [[stán]] miotalach is cobhsaí os cionn 13.2 céim Celsius, ach faoi bhun na teochta sin tiocfaidh "plá" ar an stán, ionas go gclaochlóidh sé go hallatróp eile, stán neamh-mhiotalach nach bhfuil úsáid ann.
 
Go tipiciúil, ní bhíonn na hallatróip éagsúla ar fáil ach sa phas soladach. Mar shampla, má leáitear [[fosfar]] - pé allatróp atá ann - gheofar leacht den chineál chéanna, P<sub>4</sub>, is é sin, leacht atá comhdhéanta as móilíní ceithre adamh. Ón taobh eile de, áfach, tá an trí phas - solad, gás agus leacht - ag an [[ózón]], ar allatróp de chuid na h[[ocsaigin]]e é. Tá trí adamh i móilín an ózóin, O<sub>3</sub>, agus dhá adamh i móilín na gnáthocsaigine O<sub>2</sub>.
 
Chuala an saol mór iomrá ar dhá phríomhallatróp an [[carbón|charbóin]], mar atá, [[graifít]] agus [[diamant]]. Tá struchtúr tríthoiseach ag an diamant, ionas go bhfuil na hadaimh ceangailte go daingean dá chéile, rud a fhágann an diamant an-chrua. Ón taobh eile de, tá an ghraifít comhdhéanta as macramhóilíní déthoiseacha, cineál sraitheanna nach bhfuil ach lagnaisc eatarthu. Mar sin, bíonn an ghraifít bog sobhriste. Le déanaí, d'éirigh leis na saineolaithe allatróip nua charbóin a chruthú, ar nós fullairéiní agus nainfheadáin.