An difríocht idir athruithe ar: "Juan Rulfo"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: no:Juan Rulfo
No edit summary
Líne 16:
Grianghrafadóir éirimiúil a bhí ann freisin, cé nach bhfacthas mórán dá shaothar go poiblí roimh a bhás. Chaith sé tréimhse fhada ina cheannasaí ar Institiúid Náisiúnta na bPobal Bundúchasach (''Instituto Nacional Indigenista''), foras oifigiúil an rialtais Mheicsicigh le haghaidh riarachán chúrsaí na mbundúchasach sa tír, agus san am sin, d'fhéach Rulfo chuige gur doiciméadaíodh saol na bpobal bundúchasach i ngrianghraif agus gur foilsíodh na grianghraif sin faoi chlúdach leabhar.
 
Ba í stair chorrach Mheicsiceo príomhábhar na leabhar a d'fhoilsigh Rulfo, idir [[Réabhlóid Mheicsiceo|réabhlóid]] na mblianta 1910-20 agus [[Éirí Amach na gCristeros|chogadh na g''Cristeros]]'']] sa bhliain 1927. Iar-thiarnaí talún ab ea iad a mhuintir a chaill a gcuid tailte agus fáltais i rith na gcogaí seo, agus mar sin, tháinig sé go nádúrtha aige na himeachtaí sin a phlé ina chuid scríbhneoireachta. Is í an stíl insinte ba mhó a thabhaigh a chlú dó, áfach, go háirithe síorláithreacht an bháis san úrscéal. I dtús an úrscéil, téann fear óg darb ainm Juan Preciado ar lorg a athar, Pedro Páramo, lena cheart a éileamh air. Tá a mháthair tar éis bháis, agus nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, d'impigh sí ar Juan Preciado dul i dteagmháil le Pedro Páramo - is é an chuma atá ar an scéal go bhfuil Pedro Páramo tar éis máthair Juan a leagan suas nuair a bhí sí óg, gan bacadh leis an gcailín ná leis an mac ina dhiaidh sin. Téann Juan go Comala, áit a bhfuil cónaí ar Pedro Páramo, ina dhiaidh sin, ach de réir a chéile tagann sé chun solais go bhfuil Páramo marbh, go bhfuil muintir na háite go léir marbh, agus go bhfuil Juan Preciado féin marbh.
 
{{síol}}