An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáin"

Content deleted Content added
Líne 45:
== Stair ==
:''Féach freisin: [[Stair na Gearmáine]]''
[[Íomhá:Besatzungszonen ohne text.gif|mionsamhail|150px|clé|Na limistéir a bhí faoi chois ag na cumhachtaí forghabhála i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine sa bhliain 1945]]Tar éis ré na [[Naitsí|Naitsithe]] agus [[an Dara Cogadh Domhanda]], roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann [[SAM|Meiriceánach]], agus ceann na Breataine, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i [[1949]], d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine. An chuid den tír a bhí faoi smacht na [[An tAontas Sóivéadach|Sóivéadach]], bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an [[Cumannachas]] i réim ann, is é sin, [[Daonphoblacht na Gearmáine]]. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Daonphoblachta", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na [[1980idí|n-ochtóidí]]. Daingníodh teorainn thiar na Daonphoblachta leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain [[1961]], tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na Daonphoblachta ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í [[Bonn]], cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain [[1990]]. Nuair a hathaontaíodhathaontaíodh an tír, haistríodhaistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí i nDaonphoblacht na Gearmáine, le 63 milliún na Poblachta Cónasctha, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.
 
Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa [[An Cómhargadh Eorpach|Chómhargadh]] sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta ([[SPD]]) ag rialú na tíre. Sa bhliain [[2005]], ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó [[CDU]] - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an [[CSU]].