An difríocht idir athruithe ar: "An Liotuáin"
Content deleted Content added
m r2.6.1) (róbat ag mionathrú: kk:Литва |
|||
Líne 76:
=== Saoirse nua ===
Nuair a tháinig bláth ar pholasaithe nuála [[Mikhail Gorbachev]] i ndeireadh na n-ochtóidí, ní raibh aon mhoill ar na Liotuánaigh a leas féin a bhaint as an dóigh ar maolaíodh ar an gcinsireacht agus ar obair na seirbhísí rúnda. An cineál gluaiseacht ar tugadh "Fronta an Phobail" air sna poblachtaí Sóivéadacha eile, is é an t-ainm a baisteadh air sa Liotuáin ná Sąjūdis. Tháinig an eagraíocht seo ar an bhfód sa bhliain [[1988]], agus ní raibh sí i bhfad ag tiomsú nirt i bhfianaise an tacaíocht a fuair sí i ngach aon chearn de shochaí na Liotuáine, an Páirtí Cumannach san áireamh. Nuair a rug Algirdas Brazauskas greim ar halmadóir an pháirtí, thosaigh na Cumannaigh Liotuánacha ag tabhairt droim láimhe le Moscó. I dtús na bliana 1990, ghnóthaigh Sąjūdis an t-olltoghchán, agus ar an t-aonú lá
Rinne na Sóivéadaigh cupla iarracht na Liotuánaigh a chur faoi smacht arís, ach níor éirigh go maith leo. I ndiaidh an fhorógra neamhspleáchais, d'fhéach siad leis na Liotuánaigh a imeaglú lena gcuid tancanna agus gléasra cogaidh eile, ach ó choinnigh na Liotuánaigh cuma shíochánta orthu féin, níor fágadh siocair ná leithscéal ag na fórsaí Sóivéadacha oibríochtaí míleata a thosú.
|