An difríocht idir athruithe ar: "An Liotuáin"

Content deleted Content added
Líne 78:
Nuair a tháinig bláth ar pholasaithe nuála [[Mikhail Gorbachev]] i ndeireadh na n-ochtóidí, ní raibh aon mhoill ar na Liotuánaigh a leas féin a bhaint as an dóigh ar maolaíodh ar an gcinsireacht agus ar obair na seirbhísí rúnda. An cineál gluaiseacht ar tugadh "Fronta an Phobail" air sna poblachtaí Sóivéadacha eile, is é an t-ainm a baisteadh air sa Liotuáin ná Sąjūdis. Tháinig an eagraíocht seo ar an bhfód sa bhliain [[1988]], agus ní raibh sí i bhfad ag tiomsú nirt i bhfianaise an tacaíocht a fuair sí i ngach aon chearn de shochaí na Liotuáine, an Páirtí Cumannach san áireamh. Nuair a rug Algirdas Brazauskas greim ar halmadóir an pháirtí, thosaigh na Cumannaigh Liotuánacha ag tabhairt droim láimhe le Moscó. I dtús na bliana 1990, ghnóthaigh Sąjūdis an t-olltoghchán, agus ar an t-aonú lá dhéag de Mhí na Márta, d'fhógair Sóivéid Uachtarach na Liotuáine, a bhí le hiompú ina pairlimint go gairid agus an t-ainm "Sóivéid" a chaitheamh i dtraipisí, go raibh an Liotuáin ina tír neamhspleách, neamh-Shóivéadach arís. B'iad an tUachtarán Vytautas Landsbergis agus an Príomh-Aire Kazimiera Prunskiene a tháinig i gceannas ar an tír anois, agus iad - Landsbergis ach go háirithe - go tréan in aghaidh aon chineál comhréitigh leis an Aontas Sóivéadach. Ní ghlacfadh Landsbergis ach leis an neamhspleáchas iomlán.
 
Rinne na Sóivéadaigh cuplacúpla iarracht na Liotuánaigh a chur faoi smacht arís, ach níor éirigh go maith leo. I ndiaidh an fhorógra neamhspleáchais, d'fhéach siad leis na Liotuánaigh a imeaglú lena gcuid tancanna agus gléasra cogaidh eile, ach ó choinnigh na Liotuánaigh cuma shíochánta orthu féin, níor fágadh siocair ná leithscéal ag na fórsaí Sóivéadacha oibríochtaí míleata a thosú.
 
Ar an deichiú lá de Mhí [[Eanáir]] [[1991]] a tháinig cnámh na huillinne. Shealbhaigh na díormaí Sóivéadacha roinnt tithe agus foirgneamh i Vilnius agus iad ag iarraidh "Coiste Slánaithe Náisiúnta" dá ndéantús féin a chur i gceannas ar an tír. Trí lá ina dhiaidh sin, ghabh na Sóivéadaigh an stáisiún teilifíse le lámh láidir, ionas go bhfuair ceathrar sibhialtach déag bás sa teagmháil. Mar sin féin, ní raibh siad in ann an rialtas dlisteanach a ruaigeadh as an gcumhacht a thuilleadh, nó bhí na Liotuánaigh ag tacú leis na polaiteoirí a vótáil siad isteach de réir nós imeachta an daonlathais. An ''coup d'état'' a bhí idir lámhaibh ag na Sóivéadaigh, tháinig meath air i bhfianaise na n-imthoscaí seo.