An difríocht idir athruithe ar: "Indiam"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: mrj:Индий
No edit summary
Líne 9:
|Íomhá=In-TableImage.png
}}
 
Is [[dúil cheimiceach]] é '''indiam'''. Is é an [[mais adamhach|meáchán adamhach]] atá aige ná 114.818 g/mol. Tá [[uimhir adamhach]] '''49''' agus siombail '''In''' air.
Is é an t-'''indiam''' [[dúil cheimiceach]] [[uimhir adamhach|uimhir]] a 49, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''In'''. Tá an t-indiam 114.818 g/mol ar [[Mais adamhach|mheáchan adamhach]]. Miotal iar-thrasdultach atá ann, agus é an-bhog, so-chomhleáite. Tá an t-indiam cosúil leis an ngailliam agus leis an tailliam, agus é idir eatarthu idir an dá dhúil seo ó thaobh a lán saintréithe de. Thángthas air sna mianraí since thiar sa bhliain 1863, agus fuair sé a ainm ón líne speictreach ar dhath an indeagó a thug an chéad leid go raibh dúil nua anaithnid sna mianraí sin. Inniu féin, is iad na mianraí since an fhoinse is fearr indiam dá bhfuil ann. Ba iad na ceimiceoirí Gearmánacha Ferdinand Reich agus Hieronymus Theodor Richter a rinne an fhionnachtain.
 
Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an indiam, is é sin, indiam a 113 (4.3 % d'indiam an dúlra) agus indiam a 115 (95.7 %). Iseatóp radaighníomhach é an dara ceann acu, is é sin, an ceann is flúirsí. Ina dhiaidh sin féin is féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht sin, ó tá an t-iseatóp chomh fadsaolach is atá - tá sé 441 trilliún bliain ar leathré.
 
{{síol}}