An difríocht idir athruithe ar: "Saint-Pierre-et-Miquelon"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Oileánrach beag de chuid na Fraince san Atlantach Thuaidh is ea '''Comhroinn Chríochach Saint-Pierre-et-Miquelon''' (Fraincis: ''Collectivité territo...'
 
No edit summary
Líne 1:
Oileánrach beag de chuid na [[an Fhrainc|Fraince]] san [[Atlantach]] Thuaidh is ea '''Comhroinn Chríochach Saint-Pierre-et-Miquelon''' (Fraincis: ''Collectivité territoriale de Saint-Pierre-et-Miquelon''). Is iad Saint-Pierre agus Miquelon an dá oileán is tábhachtaí den naoi n-oileán sa ghrúpa. Bhíodh an tOileán Langlade inchurtha le Miquelon ó thaobh achar de, ach tá an dá oileán ceangailte anois trí mheán caol talún. (Miquelon-Langlade a thugtar orthu uaireanta.) Tá Saint-Pierre-et-Miquelon suite taobh ó dheas ón gcúige Ceanadach [[Talamh an Éisc agus Labradar]]. Tá timpeall is 10 gciliméadar eatarthu ag an bpointe is caoile. Tá 6,125 duine ina gcónaí ann.
 
Is é Saint-Pierre-et-Miquelon an t-aon iarsma de shean-impireacht na Fraince i [[Meiriceá Thuaidh]] le fada an lá. Bhíodh sé mar nós ag iascairí [[an Tír Bhascach|Bascacha]] fanacht ar an oileán san 16ú haois agus d’fhás pobal Francach ann san 17ú haois. Tugtar stádas sa Fhrainc mar chomhroinn thar lear ar Saint-Pierre-et-Miquelon mar chomhroinn thar lear inniu.
 
{{síol}}