An difríocht idir athruithe ar: "Oliver Napier"

polaiteoir as Béal Feirste
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '{{Bosca Sonraí Polaiteoir |ainm =Sir Oliver Napier |íomhá = |ceannteideal =Oliver Napier |teideal1 =Ceannaire an [[Páirtí Comhghuai...'
(No difference)

Leagan ó 23:57, 3 Iúil 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Polaiteoir agus iar-cheannaire Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann ab ea Oliver Napier (11 Iúil 1935 - 2 Iúil 2011). Chaith sé tamall mar Aire Dlí agus Ceannaire an Oifig Leasaithe Dhlíthiúil sa bhliain 1973 nuair a bhí an feidhmeannas comhroinnte cumhachta a socraíodh i Sunningdale i bhfeidhm.

Tús a Shaol

Caitliceach ab ea Napier agus oileadh é i gColáiste Naomh Maeleachlainn i mBéal Feirste agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste sular thosaigh sé ag obair mar aturnae.

A Shaol Polaitiúil

Chuaigh Napier isteach sa Páirtí Liobrálach Uladh agus sa bhliain 1969 ceapadh é mar Chomhchathaoirleach ar Choiste Polaitiúil an Feachtas Uladh Nua (an New Ulster Movement sa bhéarla). Ag comhoibriú le Bob Cooper, an Comhchathaoirleach eile, bhain sé úsáid as a phost chun páirtí nua, an Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann, a bhunú, páirtí a dhéanfadh iarracht tacaíocht a fháil ón dá phobal, Náisiúnach agus Aontachtach, i dTuaisceart Éireann. An aidhm a bhí ag an bpáirtí, de réir Napier, ná rogha eile a chur ar fáil in áit seicteachtas an Pháirtí Aontachtaigh.

Ba é Napier ceannaire an pháirtí ó 1972 go 1984 agus i rith an tréimhse sin ghlac an páirtí páirt i roinnt tionól a toghadh chun réiteach a fháil ar fadhbanna Thuaisceart Éireann. Ba Aire é i bhfeidhmeannas comhroinnte cumhachta ar feadh tréimhse sa bhliain 1973. Sheas sé i ndáilcheantar Bhéal Feirste Thoir in olltoghcháin na Ríochta Aontaithe fad is a bhí sé ina cheannaire ach níor éirigh leis. Ní raibh ach míle vóta níos lú aige ná an buaiteoir Peter Robinson in olltoghchán na bliana 1979. Moladh go mór é tar éis dó éirí as mar cheannaire sa bhliain 1984 agus bronnadh ridireacht air an bhliain ina dhiaidh. D'éirigh sé as mar chomhairleoir ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste sa bhliain 1989 agus ceapadh go raibh sé tar éis éirí as an bpolaitíocht go h-iomlán ach sheas sé arís as son an pháirtí sa bhliain 1995 i bhfothoghchán i ndáilcheantar An Dúin Thuaidh. Sheas sé in olltoghchán na bliana 1997 freisin.

Toghadh é don Fhóram Thuaisceart Éireann um Shuíochán sa bhliain 1997.