An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeltacht"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: br:Gaeltacht
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá: AnGhaeltacht.jpg|thumb|Comhartha an [[Údarás na Gaeltachta|Údaráis]] ar theorainn na Gaeltachta]]
[[Íomhá:Gaeltacht.svg|thumb|Gaeltachtaí]]
Is éard is '''Gaeltacht'' ann ná ceantar ina bhfuil [[an Ghaeilge]] aitheanta mar theanga an phobail ann, go stiariúil ar a laghad. B'é ba bhrí leis an bhfocal sin '''Gaeltacht''' fadó ná [[Gaelachas]], ach ó thosaigh [[Gaeilge|an Ghaeilge]] ag dul as úsáid in [[Éire|Éirinn]], tosaíodh ag tabhairt "Gaeltacht" nó "ceantair Ghaeltachta" ar na háiteanna sa tír ina bhfuil Gaeilge á labhairt i gcónaí mar theanga thraidisiúnta a théann go nádúrtha ó ghlúin go glúin.
 
Is léir, áfach, gurb iomaí áit sa Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Béarla in uachtar anois, mar shampla [[Cloch na Rón]], [[an Achréidh]] agus [[Maigh Cuilinn]] i g[[Contae na Gaillimhe]], nó [[Ailt an Chorráin]] agus [[Gleann Bharr]] i g[[Contae Dhún na nGall]], [[Acaill]], [[Béal an Mhuirthead]] agus [[an tSraith]] i g[[Contae Mhaigh Eo]] chomh maith leis an gcuid is mó d'[[Uíbh Ráthach]] i g[[Contae Chiarraí]] Theas.