An difríocht idir athruithe ar: "Leo Varadkar"

an 17ú Taoiseach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '{{Bosca Sonraí Polaiteoir |ainm =Leo Varadkar |íomhá =LeoVaradkar.JPG{{!}}225px |teideal1 =Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt...'
(No difference)

Leagan ó 22:38, 4 Iúil 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael is ea Leo Varadkar (rugadh ar 18 Eanáir 1979 é). Is Teachta Dála é do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Toghadh é don chéad uair sa bhliain 2007 agus atoghadh é sa bhliain 2011. Ceapadh é mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt sa chomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a socraíodh tar éis olltoghchán 2011.

Rugadh Varadkar i mBaile Átha Cliath. Dochtúir ón Ind is ea a athair, a d'oibrigh mar dhochtúir ginearálta i mBaile Bhlainséir agus is Éireannach í a mháthair. Oileadh é i Scoil Kings Hospital i mBaile Phámar agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a cháiligh sé mar dhochtúir. Bhí sé ina bhall deYoung Fine Gael, óg-ghluaiseacht an pháirtí, sa choláiste.

Comhthoghadh é do Chomhairle Chontae Fhine Gall in áit Sheila Terry sa bhliain 2003. Atoghadh é don chomhairle i gceantar Chaisleán Cnucha sa bhliain 2004 (fuair sé an vóta chéad rogha is airde sa stát). Toghadh é do Dháil Éireann in olltoghchán na bliana 2007 agus ba urlabhraí Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta an pháirtí é ó 2007 go 2010. Bhí Varadkar páirteach in iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint ó Éanna Ó Coinnigh sa bhlain 2010. Theip ar an iarracht ach athcheapadh é don bhínse tosaigh mar urlabhraí Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha.

Ceapadh é mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ar 9 Márta 2011.