An difríocht idir athruithe ar: "An Ostair-Ungáir"

Content deleted Content added
Líne 190:
 
* ''Der Mann ohne Eigenschaften'' ("An Fear gan Saintréithe") le [[Robert Musil]]. Úrscéal mór millteanach é a bhfuil míle leathanach sa chuid de a chríochnaigh an scríbhneoir agus míle leathanach eile sna lámhscríbhinní a d'fhág sé ina dhiaidh. Is minic a sciorrann an t-úrscéal óna ábhar le cur síos a thabhairt ar mheon agus ar shaol na hOstaire-Ungáire. Tá na himeachtaí suite sa bhliain 1913, agus is intleachtóir agus cineál slúiste é an laoch, Ulrich. I dtús an úrscéil cinneann sé ar bhliain amháin a chaitheam "ar saoire ón saol" ag ligean a scíthe, ó nach bhfuil éirithe leis gairmréim ar leith a chur ar bun.
 
* ''Radetzkymarsch'' le [[Joseph Roth]]. Tagairt é an teideal d'fhonn clúiteach mairseála le (sean-) Johann Strauss. Fonn é a aithneoidh cách, nuair a chloisfidh sé an tús, agus is é an fonn sin siombail na Démhonarcachta. Is é is ábhar don úrscéal ná scéal mhuintir Trotta. Teaghlach iad muintir Trotta a bhfuil a saol fite fuaite le saol an rítheaghlaigh Impiriúil: nuair a shábháil an fear ba sine acu an tImpire óg i gcath Solferino sa bhliain 1859, bronnadh céim uaisleachta ar an teaghlach go léir, agus rinneadh muintir "Trotta von Sipolje" díobh, ós as Sipolje, sráidbhaile beag sa tSlóivéin, don teaghlach.
 
* ''Sól ziemi - powieść o cierpliwym piechurze'' ("Salann na Talún, scéal an tsaighdiúra fhoighnigh"), úrscéal Polainnise leis an nGiúdach Polannach [[Józef Wittlin]] faoi eachtraí an tsaighdiúra chos-slua úd Piotr Niewiadomski. Imeartas focal é sloinne an laoich, a chiallaíonn "Neamhfheasach" nó "Aineolach". Fear simplí é Niewiadomski nach bhfuil in ann líne a léamh ná litir a scríobh, ach mar sin féin caithfidh sé dul sna saighdiúirí chomh maith le duine le buille a bhualadh ar son na hOstaire-Ungáire. Tá blas an tsíochánachais agus an eispreisiúnachais ar an úrscéal. Bhí an-ráchairt air lena linn (tháinig an leabhar i gcló sa bhliain 1935), agus an chuma ar an scéal ar feadh tamaill go raibh Duais Nobel sa litríocht le dul do Wittlin.