An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"

Content deleted Content added
Líne 30:
 
Is iad ''Caisleán Óir'' (imirce), ''Mo Dhá Róisín'' (is í Éire an dara Róisín, agus mar sin, is é an tírghrá a scarann an lánúin sa leabhar seo), agus ''Tairngreacht Mhiseoige'' na húrscéalta is clúití le Séamus Ó Grianna, ach d'fhoilsigh sé beagnach tríocha leabhar, idir úrscéalta, ghearrscéalta, agus dhá leabhar dírbheathaisnéise, mar atá, "Nuair a Bhí Mé Óg" agus "Saol Corrach".
 
Maidir leis an úrscéal ''Bean Ruadh de Dhálach'', ceann de shaothair dheireanacha an scríbhneora, is féidir a rá go bhfuil sé as an ngnáth ar fad i measc a chuid úrscéalta. Dúirt [[Alan Titley]] ina mhórshaothar faoi na húrscéalta Gaeilge nach bhfuair an ceann seo a cheart riamh, ós rud é nach bhfuil gnáthlochtanna scríbhneoireachta "Mháire" ag baint leis ar aon nós, cé go bhfuil sé ag plé le gnáth-théamaí a chuid saothar, ar nós na himirce go Meiriceá, chinniúint dhosheachanta an duine, agus shaol na Gaeltachta fadó.
 
==Nasc seachtrach==