An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"

Content deleted Content added
Líne 32:
 
Maidir leis an úrscéal ''Bean Ruadh de Dhálach'', ceann de shaothair dheireanacha an scríbhneora, is féidir a rá go bhfuil sé as an ngnáth ar fad i measc a chuid úrscéalta. Dúirt [[Alan Titley]] ina mhórshaothar faoi na húrscéalta Gaeilge nach bhfuair an ceann seo a cheart riamh, ós rud é nach bhfuil gnáthlochtanna scríbhneoireachta "Mháire" ag baint leis ar aon nós, cé go bhfuil sé ag plé le gnáth-théamaí a chuid saothar, ar nós na himirce go Meiriceá, chinniúint dhosheachanta an duine, agus shaol na Gaeltachta fadó.
 
Tá cuid mhór de scríbhinní Mháire as cló, agus níl sé furasta teacht orthu. Thairis sin, bhí sé an-mhíshásta leis an gcaighdeán nua, agus ní cheadaíodh sé a chuid leabhar a fhoilsiú ach sa seanlitriú agus sa chló Ghaelach. Mar sin féin, tá, ar a laghad, ''Tairngreacht Mhiseoige'', ''Nuair a Bhí Mé Óg'', ''Saol Corrach'', ''Caisleáin Óir'', agus díolaim dá chuid gearrscéalta (a tháinig i gcló sa bhliain [[1993]] faoin teideal ''Cora na Cinniúna'') ar fáil sa litriú nua. B'é [[Niall Ó Dónaill]] a réitigh na heagráin seo chun cló. I mbreis air sin, thosaigh [[Nollaig Mac Congail]] ag foilsiú sraith nua, ''Scríbhinní Mháire'', i ndiaidh na bliana [[2000]]. Tá an t-úrscéal úd ''Castar na Daoiní ar a Chéile...'' foilsithe an chéad uair faoi chlúdach leabhair sa chéad imleabhar den tsraith seo.
 
==Nasc seachtrach==