An difríocht idir athruithe ar: "Doire"

Content deleted Content added
No edit summary
 
M + naisc.
Líne 1:
AnIs é '''Doire''' an dara chathair is mó i gCúigeg[[Cúige Uladh]]. Sa séú haois bhunaigh [[Colm Cille]] (521-597) mainistir ann. Doire Cholm Cille a tugadh ar an áit ina onóir. Tá fianaise ann áfach go raibh cónaí ar dhaoine sa chomharsanacht na mílte bliain roimhe sin agus tá iarsmaí seandálaíochta ar fud na háite. Ón chrann darachadarach a thagann an t-ainm 'Doire'. Tá an chathair suite ar dhá thaobh abhainn an Fheabhail. Bhí an-rath ar an mhainistir faoi cheannas chlann Mhic Lochlainn sna meánaoiseanna agus is cosúil nár ionsaigh na [[Lochlannaigh]] riamh í. Chaith na Normannaigh[[Normanaigh]] seal gearr sa chathair ach tháinig na [[Gael|Gaeil]] i gceannas arís go gasta. Thóg na Dochartaigh caisleán ann timpeall na bllianabliana 1500.
 
Ghabh arm Sasanach seilbh ar an chathair agus ar an mhainistir ag tús an seachtú haois déag. Bhí an-tábhacht leis an gharastún a bhunaigh na Sasanaigh i nDoire le linn an chogaidh in éadan Aodh Uí Néill mar go raibh siad ábalta seilbh a choinneáil uirthi le linn do airm na nGael a bheith buacach ar fud Chúige Uladh go dtí 1601. Scrios Cathaoir Ó Dochartaigh an cóilíneacht Shasanach áfach i 1608, cé go raibh sé ag troid ar son na Sasanach in aghaidh Uí Néill. Ba ansin a cuireadh [[Plandáil Uladh]] ar bun. Tógadh an chathair as an nua agus tugadh 'Londonderry' mar ainm uirthi mar gurb iad comhlachtaí Londain a bhí i mbun na plandála. D'fhás an chathair go han-mhall agus ní raibh ach 2,000 duine inti faoi 1680.
 
Rinne an Rí SéamuaSéamus II iarracht an chathair a ghabháil i 1689 ach bhí an lucht cosanta ábalta seasamh ina choinne go dtí gur tháinig an cabhlach i gcabhair orthu. Déantar léigear Dhoire a chomóradh ar an 12 Lúnasa gach bliain ag aontachtóirí agus dílseoirí na cathrach.
 
D'fhás Doire go mór sa naoú haois déag mar gheall ar an tionsclaíocht.